Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Fuair Beniamin Harrison bás. Bhí sé 'na Uachdarán ar na Státaibh Aontuighthe i nAmericá tá tamall ó shoin. Cuimhníghmíd go maith an uair do rinn sé teachtaire tíre chum Silí de Phádruig Mac Aodhgáin, agus an sgorainn do bhí ar Sheaghán Bhuidhe 'na thaobh sain. Do bhuail Seaghán fá ghlas an Mac Aodhgáin agus do chreach sé é aimsir Chonnartha na Talmhan i nÉirinn do b'éigean do Phádruig triall thar na breac-thonnaibh anonn, acht ní bhfuair Harrison aon locht air i dtaobh a dhroch-chleachta, agus go bhfaghaidh sé an loghadh 'na thaobh. Tá spreallaire mar uachdarán ar Americá indiu agus ní baoghal go mbiadh sé chómh báidheamhail le leithéid Phádruig. Is gráineamhail an nós atá ins na ceanntaraibh theas i nAmericá, “dlíghe an Luingsigh” do goirthear ar an ngnás neamh-thruaghmhéileach úd. Tógaid na daoine le fóiréigean cime as cúram an bhreithim agus déinid leis mar is áil leó. Cuireadh coir an lá eile i leith fir dhorcha dárbh' ainm Henderson, droch nídh éigin i dtaobh mná. Bhris na daoine isteach 'sa bhraighdtheach agus d'árduigheadar leó Henderson i n-aindeóin a lucht coimeáda. Do cheangladar le cuaille é i lár machaire agus d'adhaineadar teine timcheall air — béithlíoch de ghiúmhais túmtha i n-uíll. Lasadar a bpíopaí agus d'fhana-
dar go sámh ag éisteacht le liúghraigh an fhir dhorcha bhoicht go ndeárnadh grísgín de. Ba dhóich leat gur daoine fiaidhne iad, acht deirthear nách eadh. Cuireadh cuideachta gnótha ar bun i nAmericá an tseachtmhain seo le haghaidh cruaidh do chur amach. Tá ceathrar milliúnóirí ins an gcuideachta úd agus tá fiche milliún púnt i dtaisge aca. Beidh sé 'na gcumas luach na cruaidhe do shocarughadh ar gach margadh ar fud an tsaoghail, mar táid siad níos saidhbhre 'ná aon chuideachta eile atá i bhfeidhil an ghnótha sain. Is beag ar lucht déanta na cruaidhe i Sasana, 'sa bhFrainc, agus i n-áiteachaibh eile an chuideachta úd, mar beidh comórtas eatortha, acht tarraingidís ó n'a chéile an margadh. Is cuma linn-ne mar nách bhfuil aon chruaidh againn féin 'gá dhéanadh, acht ní mar sin do Sheaghán. Ní bheidh an t-ádh ar Sheaghán feasda mar do bhíodh, mar tá na hAmericánaigh agus na Gearmánaigh ag teacht laistigh de in gach saghas arraidhe. Tá eagla ar na páipéaraibh go mbéidh imreas idir an Rúise agus Sasana ins an tSín. Ní fhuil baoghal air. Géillfidh Sasana. Chrom na Sasanaigh ar bhóithrín iarrainn do dhéanamh cois Tientsin, acht do choisg na Rúisínigh iad. Bhí an ceart ag Seaghán, sé sin má tá ceart ag aon aca bheith ins an tSín i n-aon chor. Bhí saighdiúirí an dá Chúmhacht agus cochaill ortha chum preabadh ar sgórn- acah a chéile. Ní fhuil annsud acht dream beag do na Rúsachaibh acht rinneadar claiseacha dhóibh féin ar an mbóthar iarrainn agus thugadar fógra do Shasana gan sluasad do chur 'sa bhóthar. Má tá spreach i Seaghán ní fhulaingeochaidh sé an easonóir seo. Deir an tuairisg deireannach gur sguir sé ó'n obair agus go bhfuil na Rúisínigh go meidhreach. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services