Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Fuair Beniamin Harrison bás. Bhí sé 'na Uachdarán
ar na Státaibh Aontuighthe i nAmericá tá tamall ó shoin.
Cuimhníghmíd go maith an uair do rinn sé teachtaire
tíre chum Silí de Phádruig Mac Aodhgáin, agus an sgorainn
do bhí ar Sheaghán Bhuidhe 'na thaobh sain. Do bhuail
Seaghán fá ghlas an Mac Aodhgáin agus do chreach sé é
aimsir Chonnartha na Talmhan i nÉirinn do b'éigean
do Phádruig triall thar na breac-thonnaibh anonn, acht
ní bhfuair Harrison aon locht air i dtaobh a dhroch-chleachta,
agus go bhfaghaidh sé an loghadh 'na thaobh. Tá spreallaire
mar uachdarán ar Americá indiu agus ní baoghal go mbiadh
sé chómh báidheamhail le leithéid Phádruig.



Is gráineamhail an nós atá ins na ceanntaraibh theas
i nAmericá, “dlíghe an Luingsigh” do goirthear ar an
ngnás neamh-thruaghmhéileach úd. Tógaid na daoine
le fóiréigean cime as cúram an bhreithim agus déinid
leis mar is áil leó. Cuireadh coir an lá eile i leith
fir dhorcha dárbh' ainm Henderson, droch nídh éigin i
dtaobh mná. Bhris na daoine isteach 'sa bhraighdtheach agus
d'árduigheadar leó Henderson i n-aindeóin a lucht
coimeáda. Do cheangladar le cuaille é i lár machaire
agus d'adhaineadar teine timcheall air — béithlíoch de
ghiúmhais túmtha i n-uíll. Lasadar a bpíopaí agus d'fhana-


L. 18


dar go sámh ag éisteacht le liúghraigh an fhir dhorcha
bhoicht go ndeárnadh grísgín de. Ba dhóich leat gur
daoine fiaidhne iad, acht deirthear nách eadh.



Cuireadh cuideachta gnótha ar bun i nAmericá an
tseachtmhain seo le haghaidh cruaidh do chur amach. Tá
ceathrar milliúnóirí ins an gcuideachta úd agus tá fiche
milliún púnt i dtaisge aca. Beidh sé 'na gcumas
luach na cruaidhe do shocarughadh ar gach margadh ar fud
an tsaoghail, mar táid siad níos saidhbhre 'ná aon
chuideachta eile atá i bhfeidhil an ghnótha sain. Is beag
ar lucht déanta na cruaidhe i Sasana, 'sa bhFrainc, agus i
n-áiteachaibh eile an chuideachta úd, mar beidh comórtas
eatortha, acht tarraingidís ó n'a chéile an margadh.
Is cuma linn-ne mar nách bhfuil aon chruaidh againn
féin 'gá dhéanadh, acht ní mar sin do Sheaghán. Ní bheidh
an t-ádh ar Sheaghán feasda mar do bhíodh, mar tá na
hAmericánaigh agus na Gearmánaigh ag teacht laistigh de
in gach saghas arraidhe.



Tá eagla ar na páipéaraibh go mbéidh imreas idir
an Rúise agus Sasana ins an tSín. Ní fhuil baoghal air.
Géillfidh Sasana. Chrom na Sasanaigh ar bhóithrín iarrainn
do dhéanamh cois Tientsin, acht do choisg na Rúisínigh
iad. Bhí an ceart ag Seaghán, sé sin má tá ceart ag
aon aca bheith ins an tSín i n-aon chor. Bhí saighdiúirí
an dá Chúmhacht agus cochaill ortha chum preabadh ar sgórn-
acah a chéile. Ní fhuil annsud acht dream beag do na
Rúsachaibh acht rinneadar claiseacha dhóibh féin ar an
mbóthar iarrainn agus thugadar fógra do Shasana gan
sluasad do chur 'sa bhóthar. Má tá spreach i Seaghán
ní fhulaingeochaidh sé an easonóir seo. Deir an
tuairisg deireannach gur sguir sé ó'n obair agus go
bhfuil na Rúisínigh go meidhreach.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services