Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Feargus Finn-Bhéil,
Pen Name
Feargus Finn-Bhéil
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Éire Is mó de thuairisg an chogaidh a gheibhim ó Chonán Maol sa Chlaidheamh ná mar fhuighim as na páipéaraibh Béarla i rith na seachtmhaine, ach admhuighim nár léigheas aon nídh fós i dtaobh an chogaidh chéadna is mó chuir iongna orm ná an méid bhí shíos ó Mhac a' Luin i gClaidheamh na seachtmhaine seo ghabh tharainn. Ní raibh an cogadh ach coicthigheas ar siubhal nuair chloisimís go raibh na Búracha agus a gcuid capall ar tógáil de cheal bídh. Do réir an sgéala tá ag Mac a' Luin ní baoghal dóibh gan a ndóthain de mhin bhuidhe agus d'fheóil úr a bheith acu dá mbéadh na Sasanaigh an fhaid eile ag creachadh agus ag cosgairt. Ní fearra dhóibh bheith ag feitheamh leis an máilín plúir a theacht anall ó Americeá chucha. Ba fhluirseach a bhíodh biadh i nÉirinn leis ins an tsean aimsir. D'fhás trí milleóin tonna d'arbhar againn sa bhliadhain 1847, agus bhí 615,000 tonna de chruithneacht ar an méid sin. Sé thug an gorta sa dúthaigh san am sain ná chuireadh na daoine a chomhnuigh ins na ceann- taraibh bochta an t-arbhar. D'fhásadh na prátaidhe chucha ar nós na gcloch le bliadhantaibh roimhe sin, agus ó b'iad ba shaoráididhe bhíodh na daoine sin ag braith ortha chum bídh gach ceann de'n ló, agus gach lá de'n bhliadhain. Ní raibh teacht isteach an airgid chúcha, agus nuair tháinig an aicíd ar na prátaidhibh cheannaigh na Sasanaigh an t-arbhar thar a gceann. Bhí muinntir na hÉireann an aimsir úd ghá iarradh ar Shasana dlighe a dhéanamh gan an biadh a leigint amach as Éirinn, ach ba bheag an mhaith dhóibh é. Dá mbeadh aon Riaghaltas foghanta os ar gcionn anois sé mo thuairm go ndéanfaduis dlighe na leig- feadh an biadh isteach. Níor tógadh i nÉirinn anuraidh ach tuairm 30,000 tonna de chruithneacht, sé sin an ficheadh cuid dár tógadh sa bhliadhain 1847, agus ag comh- aireamh gach aon tsaghas arbhar le chéile ní mó ná an tríomhadh cuid de bhíonn ag fás againn na bliadhanta so. Ní cheapaim féin gur beatha folláin prátaidhe, ná aon tsaghas eile bidh na h-aibigheann 'na cheart, agus ní maoidhte ar éinne arán dhá uair sa ló. Ach deirim go bhfuil an plúr anall ag cur na ndaoine le fuacht agus le fán, agus tiubhradh sompla leis sin. Tá aithne agam ar fheirmeóir go mbíodh a lán curadóireacht aige go dtí a bhfuil le dosaon bliadhan. Bhíodh cúigear no seisear d'fhearaibh oibre aige furmhór na bliadhna. “B'éigean dom curadóireacht a thabhairt suas ar fad,” ar seisean liom, “ach an méid a theasduigheann uaim i gcomhair an tíghe. Bhí an plúr 'san té im' chreachadh, agus fé mar tá is mó costas an phlúir fós orm ná an cíos.” Is 'mó duine i nÉirinn go bhfuil an sgéal céadna le h-innsint aige. (Leanfar de) Feargus Finn-bhéil
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services