Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Feargus Finn-Bhéil,
Pen Name
Feargus Finn-Bhéil
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Éire



Is mó de thuairisg an chogaidh a gheibhim ó Chonán
Maol sa Chlaidheamh ná mar fhuighim as na páipéaraibh
Béarla i rith na seachtmhaine, ach admhuighim nár léigheas
aon nídh fós i dtaobh an chogaidh chéadna is mó chuir
iongna orm ná an méid bhí shíos ó Mhac a' Luin i
gClaidheamh na seachtmhaine seo ghabh tharainn. Ní raibh
an cogadh ach coicthigheas ar siubhal nuair chloisimís go
raibh na Búracha agus a gcuid capall ar tógáil de cheal
bídh. Do réir an sgéala tá ag Mac a' Luin ní baoghal
dóibh gan a ndóthain de mhin bhuidhe agus d'fheóil úr a bheith
acu dá mbéadh na Sasanaigh an fhaid eile ag creachadh
agus ag cosgairt. Ní fearra dhóibh bheith ag feitheamh leis
an máilín plúir a theacht anall ó Americeá chucha.



Ba fhluirseach a bhíodh biadh i nÉirinn leis ins an tsean
aimsir. D'fhás trí milleóin tonna d'arbhar againn sa
bhliadhain 1847, agus bhí 615,000 tonna de chruithneacht ar
an méid sin. Sé thug an gorta sa dúthaigh san am
sain ná chuireadh na daoine a chomhnuigh ins na ceann-
taraibh bochta an t-arbhar. D'fhásadh na prátaidhe
chucha ar nós na gcloch le bliadhantaibh roimhe sin, agus ó
b'iad ba shaoráididhe bhíodh na daoine sin ag braith ortha
chum bídh gach ceann de'n ló, agus gach lá de'n bhliadhain.
Ní raibh teacht isteach an airgid chúcha, agus nuair tháinig an
aicíd ar na prátaidhibh cheannaigh na Sasanaigh an
t-arbhar thar a gceann. Bhí muinntir na hÉireann an
aimsir úd ghá iarradh ar Shasana dlighe a dhéanamh gan
an biadh a leigint amach as Éirinn, ach ba bheag an mhaith
dhóibh é.



Dá mbeadh aon Riaghaltas foghanta os ar gcionn
anois sé mo thuairm go ndéanfaduis dlighe na leig-
feadh an biadh isteach. Níor tógadh i nÉirinn anuraidh
ach tuairm 30,000 tonna de chruithneacht, sé sin an
ficheadh cuid dár tógadh sa bhliadhain 1847, agus ag comh-
aireamh gach aon tsaghas arbhar le chéile ní mó ná an
tríomhadh cuid de bhíonn ag fás againn na bliadhanta
so.



Ní cheapaim féin gur beatha folláin prátaidhe, ná
aon tsaghas eile bidh na h-aibigheann 'na cheart, agus ní
maoidhte ar éinne arán dhá uair sa ló. Ach deirim go
bhfuil an plúr anall ag cur na ndaoine le fuacht agus le
fán, agus tiubhradh sompla leis sin. Tá aithne agam ar
fheirmeóir go mbíodh a lán curadóireacht aige go dtí
a bhfuil le dosaon bliadhan. Bhíodh cúigear no seisear
d'fhearaibh oibre aige furmhór na bliadhna. “B'éigean
dom curadóireacht a thabhairt suas ar fad,” ar seisean
liom, “ach an méid a theasduigheann uaim i gcomhair
an tíghe. Bhí an plúr 'san té im' chreachadh, agus fé mar
tá is mó costas an phlúir fós orm ná an cíos.”



Is 'mó duine i nÉirinn go bhfuil an sgéal céadna le
h-innsint aige.



(Leanfar de)



Feargus Finn-bhéil

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services