Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Aga na nGaedheal
Title
Aga na nGaedheal
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis. Áth-Cliath, Márta 16, 1901. AGA NA nGAEDHEAL Is mór is ion-mholta an gnó so atá dá dhéanamh ag “Oiffig na hOibre Talmhan agus an Teagaisg Cheárdamhla,” agus fógraí beith gá leathadh aca i nGaedhilg agus i mBéarla. Dar go deimhin gur mór theasduigheas leasughadh ó gach cinéal eallaigh i nÉirinn agus go háirithe i gceantaraibh na Gaedhilge. Mar dubhairt sinn an tseachtmhain seo chuaidh thorainn, tá muinntir na hOiffige seo chum mór- chongnaimh do thabhairt d'fheirmeóiribh le haghaidh tarbh fola do cheannach i gcóir a stuic, acht go gcuideóchadh na Comhaltais Chontae leó. Tá súil againn go bhfuil mórán Gaedhilgeóirí ag sgríobhadh ag triall ar an Oiffig ag Upper Merrion-street i mBaile Átha Cliath. Is í seo an chéad uair ag éan-oiffig fá Riaghaltas Shasanna annso, rud ar bith do sgaoileadh uatha i nGaedhilg. Is ionann sain agus a admháil nach mbéidh sé ar a gcumas dada dhéanamh i n-áitibh áirithe, muna gcuirid fios a ngnótha i n-umhail do na daoinibh san teangaidh is fearr leis na daoinibh, agus is mó atá ar eólas aca. Tá súil againn go gcuirfidh muintir na hOiffige seo tuilleadh rudaí de'n tsaghal-so uatha i nGaedhilg. Tá cuid de againn dá chur i gclódh an tseachtmhain seo. Anois an t-am a mhuinntir na Gaedhilge. Is brónach linn a bheith le hinnsint againn an tAthair Ó hAonghusa, ó Chluana Coillte bheith breóidhte. Tá sé i nOsbuidéal na Trócaire i gCorcaigh, agus cluas tinn ag gabháil dó. “Ní mise a rádh,” adeir ar gcunnta- suidhe-ne, “ná gur mar gheall ar an trioblóid atá air i dtaobh na Gaedhilge go bhfuil sé breóidhte anois.” Tá súil againn nách ndéanfaidh Geadhilgeóirí Chorcaighe dearmad ar dhul dá fheicsint. Go dtugaidh Dia aisioc shláinte gan mhoill dó, is é ghuidhmíd.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services