An Claidheamh Soluis.
Áth-Cliath, Márta 16, 1901.
AGA NA nGAEDHEAL
Is mór is ion-mholta an gnó so atá dá dhéanamh ag
“Oiffig na hOibre Talmhan agus an Teagaisg Cheárdamhla,”
agus fógraí beith gá leathadh aca i nGaedhilg agus i mBéarla.
Dar go deimhin gur mór theasduigheas leasughadh ó gach
cinéal eallaigh i nÉirinn agus go háirithe i gceantaraibh na
Gaedhilge. Mar dubhairt sinn an tseachtmhain seo
chuaidh thorainn, tá muinntir na hOiffige seo chum mór-
chongnaimh do thabhairt d'fheirmeóiribh le haghaidh tarbh
fola do cheannach i gcóir a stuic, acht go gcuideóchadh
na Comhaltais Chontae leó. Tá súil againn go bhfuil
mórán Gaedhilgeóirí ag sgríobhadh ag triall ar an
Oiffig ag Upper Merrion-street i mBaile Átha Cliath.
Is í seo an chéad uair ag éan-oiffig fá Riaghaltas
Shasanna annso, rud ar bith do sgaoileadh uatha i
nGaedhilg. Is ionann sain agus a admháil nach mbéidh sé
ar a gcumas dada dhéanamh i n-áitibh áirithe, muna
gcuirid fios a ngnótha i n-umhail do na daoinibh san
teangaidh is fearr leis na daoinibh, agus is mó atá ar
eólas aca. Tá súil againn go gcuirfidh muintir na
hOiffige seo tuilleadh rudaí de'n tsaghal-so uatha
i nGaedhilg. Tá cuid de againn dá chur i gclódh
an tseachtmhain seo. Anois an t-am a mhuinntir na
Gaedhilge.
Is brónach linn a bheith le hinnsint againn an tAthair
Ó hAonghusa, ó Chluana Coillte bheith breóidhte. Tá
sé i nOsbuidéal na Trócaire i gCorcaigh, agus cluas tinn
ag gabháil dó. “Ní mise a rádh,” adeir ar gcunnta-
suidhe-ne, “ná gur mar gheall ar an trioblóid atá air
i dtaobh na Gaedhilge go bhfuil sé breóidhte anois.”
Tá súil againn nách ndéanfaidh Geadhilgeóirí Chorcaighe
dearmad ar dhul dá fheicsint. Go dtugaidh Dia aisioc
shláinte gan mhoill dó, is é ghuidhmíd.