Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Deirthear go bhfuil ceann tinn ag Ímpire na nGear- mánach. Ar ghabháil dó 'n charbhad thre shráid baile mhóir an lá eile do raid fear darab ainm Dheitrits Bhieland méaróg iarrainn nó spalla cloiche leis. Ba chruinn an t-urchar é mar d'aimsígheadh an tÍmpire insa an uisinn agus gortuigheadh go mór é. Cad é an chúis do bhí ag an bhfear oibre air? Ní fheadar, acht is olc an cómhartha de'n Ímpire é. Chím go bhfuil na Gearmán- aigh go mí-shásta leis i dtaobh a chuid báidhe le Sasana go deireannach. Tá furmhór na nGearmánach go báidh- eamhail leis na Bóraigh acht is beag ar an Ímpire na
fir chalma sain. Táthar 'gá rádh go bhfuil sé ag gríosadh Shasana gidh go raibh sé ag cur meisnigh ar Phól Crúgér trí nó ceathair de bhliadhanaibh ó shoin, agus shíl gach uile duine go gcabhróchadh sé leis na Bóraigh. Ná cuir de dhóchas i ngeallamhaint ríogh, ar sean-chomhairle, agus dá mbiadh na Bóraigh ag brath ar chongnamh an Ímpire seo ba dhuairc é a sgéal. Tá droch-ionntaoibh ag a lán as Laoiseach Bóta, an aimsir seo. Deirthear go bhfuil sos cogaidh idir é féin agus Citsiner agus go rabhadar ag cur 'sa cúiteamh le n-a chéile ar feadh dhá lá. Cloistear gur thairg Citsiner síothcháin dó ar choingeall gidh gur thug Seaghán Buidhe na mionna ná tabharfadh sé aon cheart dóibh siúd go mbiadh a shál ar a mbrághaid. Mar sin féin tá Seaghán go min anois agus do b'fhurusda síothcháin do dhéanamh leis. Ní misde do Bhota bheith ar a fhaire féin. Do shín Delaré trí fichid Sasanach ar feadh na seachtmhaine do réir na tuairisge. Do lean cheithre fichid marcach De Bhet agus Stein. Fir toghtha do bh'eadh iad, “súla cómhraic Chitsiner,” do ghlaoidh na páipéir ortha, acht d'fhan De Bhet leó agus thóg sé leis 'na bhéal iad. Ní fhuil aon fhonn géilleadh ar sin 'ná ar Stein. Tá Seaghán tuir- seach, tnáithe, brúighte, basgaighthe. Is beag eile do chuirfeadh ag tarraing na hanáile é, acht deir sé go dtuirseóchaidh agus go marbhochaidh an dealbhús na Bóraigh cheanndána so fá dheireadh. Is gránna an aicíd an bholgach. Tá sí go han-olc i nGlascu i nAlbainn, acht tá féadhmannaigh na cathrach sain ag oibriughadh go dúthrachtach i gcóir í cosg. Cloisim leis go bhfuil an phláigh ag leathadh ins an Aifric theas i dteannta an chogaidh. Bhíodh aithne agam ar fhear siubhail d'ár bh'ainm Conchúbhar an Bhonnaigh, agus bhíodh sgéalta de'n tsaghas so i gcómhnuidhe aige nuair do thágadh sé i measg na ngleannta, i gcás go ndéarfadh bean-an-tighe “I bhfad uainn an t-olc,” agus go dtabhar- fadh sí fághaltas maith mar dhéirc dhó. Ní raibh craos- galar, cailicín, triuch, bruitíneach, 'ná ruadh, ná'r ruaig Conchubhar le fuaim a phaidreach. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services