Cúrsaidhe an tSaoghail
Tar Lear
Deirthear go bhfuil ceann tinn ag Ímpire na nGear-
mánach. Ar ghabháil dó 'n charbhad thre shráid baile
mhóir an lá eile do raid fear darab ainm Dheitrits
Bhieland méaróg iarrainn nó spalla cloiche leis. Ba
chruinn an t-urchar é mar d'aimsígheadh an tÍmpire insa
an uisinn agus gortuigheadh go mór é. Cad é an chúis do
bhí ag an bhfear oibre air? Ní fheadar, acht is olc an
cómhartha de'n Ímpire é. Chím go bhfuil na Gearmán-
aigh go mí-shásta leis i dtaobh a chuid báidhe le Sasana
go deireannach. Tá furmhór na nGearmánach go báidh-
eamhail leis na Bóraigh acht is beag ar an Ímpire na
fir chalma sain. Táthar 'gá rádh go bhfuil sé ag
gríosadh Shasana gidh go raibh sé ag cur meisnigh ar Phól
Crúgér trí nó ceathair de bhliadhanaibh ó shoin, agus shíl
gach uile duine go gcabhróchadh sé leis na Bóraigh. Ná
cuir de dhóchas i ngeallamhaint ríogh, ar sean-chomhairle,
agus dá mbiadh na Bóraigh ag brath ar chongnamh an Ímpire
seo ba dhuairc é a sgéal.
Tá droch-ionntaoibh ag a lán as Laoiseach Bóta, an
aimsir seo. Deirthear go bhfuil sos cogaidh idir é féin
agus Citsiner agus go rabhadar ag cur 'sa cúiteamh le n-a
chéile ar feadh dhá lá. Cloistear gur thairg Citsiner
síothcháin dó ar choingeall gidh gur thug Seaghán Buidhe
na mionna ná tabharfadh sé aon cheart dóibh siúd go
mbiadh a shál ar a mbrághaid. Mar sin féin tá Seaghán
go min anois agus do b'fhurusda síothcháin do dhéanamh leis.
Ní misde do Bhota bheith ar a fhaire féin. Do shín
Delaré trí fichid Sasanach ar feadh na seachtmhaine do
réir na tuairisge. Do lean cheithre fichid marcach De
Bhet agus Stein. Fir toghtha do bh'eadh iad, “súla cómhraic
Chitsiner,” do ghlaoidh na páipéir ortha, acht d'fhan
De Bhet leó agus thóg sé leis 'na bhéal iad. Ní fhuil aon
fhonn géilleadh ar sin 'ná ar Stein. Tá Seaghán tuir-
seach, tnáithe, brúighte, basgaighthe. Is beag eile do
chuirfeadh ag tarraing na hanáile é, acht deir sé go
dtuirseóchaidh agus go marbhochaidh an dealbhús na Bóraigh
cheanndána so fá dheireadh.
Is gránna an aicíd an bholgach. Tá sí go han-olc i
nGlascu i nAlbainn, acht tá féadhmannaigh na cathrach
sain ag oibriughadh go dúthrachtach i gcóir í cosg.
Cloisim leis go bhfuil an phláigh ag leathadh ins an Aifric
theas i dteannta an chogaidh. Bhíodh aithne agam ar
fhear siubhail d'ár bh'ainm Conchúbhar an Bhonnaigh, agus bhíodh
sgéalta de'n tsaghas so i gcómhnuidhe aige nuair do
thágadh sé i measg na ngleannta, i gcás go ndéarfadh
bean-an-tighe “I bhfad uainn an t-olc,” agus go dtabhar-
fadh sí fághaltas maith mar dhéirc dhó. Ní raibh craos-
galar, cailicín, triuch, bruitíneach, 'ná ruadh, ná'r ruaig
Conchubhar le fuaim a phaidreach.
Conán Maol
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11