Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Feargus Finn-Bhéil,
Pen Name
Feargus Finn-Bhéil
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail ÉIRE “NÍ FEARR BIADH NÁ CIALL” Do réir dlighe tá sé d'fhiachaibh ar gach aon chaptaen luinge cúntas cruinn a thabhairt uaidh ar gach saghas arradh dá dtugann sé leis na luing, pé acu anall ó Shasana dhi, nó pé áird de'n domhan gur'b as í. Coinbh- ighthear cúntas ar a dtagann isteach go hÉirinn as na duthaighibh lasmuigh de Shasana, ach leigeadh do'n dlighe tuitim i léig i dtaobh na n-arraidhe a thagann ó Shasana féin, nó a ghabhann trí chuantaibh Shasana go hÉirinn. Dá bhrígh sin ní féidir a dhéanamh amach i gceart cad é an méid d'arraidhibh an domhain a thagann isteach chughainn, mar is tré chuantaibh Shasana a thagann cuid mhór díobh. Ba mhaith le cuid againn an méid sin feasa bheith againn. B'fhéidir dá labhradh na Féisirí na thaobh go gcoimhlíonfidhe an dlighe mar tá sé sgríobhtha. Ní bhfuil aon uathbhas ach a dtagann de bhiadh agus d'adhbhar bídh isteach go hÉirinn. 'Sé iongnadh is mó bhíonn orm-sa cá bhfuighthear an t-airgead go léir chum díol asta. Tá leabhar agam agus tá sé shíos ann go dtáinig go hárd os cionn trí chéad míle tona de phlúr agus de chruithneacht isteach chughainn an bhliadhain a ghabh tharainn, as na duthaighibh i bhfad i gcéin, gan trácht thar ar ghabh chughainn tré chuantaibh Shasana. Ar thrí raolacha an chloch chosnoch' an méid sin suas le cheithre milleoin airgid. 'Sé mo thuairm féin go dtagann breis agus oiread eile an méid sin de phlúr agus de chruith- neacht chughainn ó Shasana. Caithfear an té agus an siúicre leis a chomhaireamh, mar is beag an mhaith sagart gan cléireach. Is mór an sgrios ar an nduthaigh luach an méid sin ar fad d'airgead tirm ag imeacht amach as gach aon bhliadhain. Agus is beag go bhfilleann pinginn de'n airgead sain orainn go deo, cé gur 'mó áit a ghabhann cuid de. Láimhsigheann lucht luingeas agus ceannaighthe móra a gcion de, bolgairidhe nár bhfearr leó áit a bheadh Gaedhil ná báidhte sa mhuir. Dá olcas linn bheith ag sgaramhaint leis an airgead caithfear cur suas leis go fóill. Caithfidh na daoine biadh d'fhagháilt as taobh éigin. Meathann na prátaidhe. Caithfear arán d'ithe, agus ní bhíonn adhbhar an aráin againn féin i nÉirinn mar ná cuirimíd an síol chuige. Bhíodh cruithneacht ghá cur i nÉirinn leis na ciantaibh, agus cloisim gur folláine agus gur saoire go mór fós cruith- neacht na hÉireann, an beagán a bhíonn ann di, ná an rud a cheannuighmíd lasmuigh. Ach ní fuláir nó faghmuid blas na meala ar an mbiadh fhásann i dtíorthaibh eile. Ní fada ó shoin a tháinig an chéad mhála plúir ó America, agus ó fuaramar a bhlas is geall báis linn ar gcuid féin a leigint i n-ár mbéal. Ní bhíonn ar gcuid plúir chomh geal leis an bplúr a thagann anall. Dáltha an fhir d'íosadh an ceap-bróige dá n-íosadh an Sasanach ceann eile, ba bheag orainn é bheith le rádh ag éinne' go mbéadh builín aige níos gile ná againn féin. Pé olc maith linn é admháil támuíd ag braith ar an luing chum bídh anois, agus dá stadadh an long beadh gorta agus ocras i nÉirinn. Ní fheadar an 'mó seachtmhain a chothach' a bhfuil de bhiadh i nÉirinn indiu sinn, sé sin gan baint leis an síol ná leis an stoc? B'fhéidir go 'neósadh gaisgidhigh an Bhéarla dhúinn é. Tá dream acu i nDún Gharbháin ná féadfadh dá fhichead éigin focal a chur le chéile i nGaedhilg. Dá mbéadh ceap-bróige agam chuirfinn síos chuca é. (Leanfar de) Feargus Finn-Bhéil
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services