Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Feargus Finn-Bhéil,
Pen Name
Feargus Finn-Bhéil
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



ÉIRE



“NÍ FEARR BIADH NÁ CIALL”



Do réir dlighe tá sé d'fhiachaibh ar gach aon chaptaen
luinge cúntas cruinn a thabhairt uaidh ar gach saghas
arradh dá dtugann sé leis na luing, pé acu anall ó
Shasana dhi, nó pé áird de'n domhan gur'b as í. Coinbh-
ighthear cúntas ar a dtagann isteach go hÉirinn as na
duthaighibh lasmuigh de Shasana, ach leigeadh do'n dlighe
tuitim i léig i dtaobh na n-arraidhe a thagann ó Shasana
féin, nó a ghabhann trí chuantaibh Shasana go hÉirinn.
Dá bhrígh sin ní féidir a dhéanamh amach i gceart cad é
an méid d'arraidhibh an domhain a thagann isteach
chughainn, mar is tré chuantaibh Shasana a thagann cuid
mhór díobh. Ba mhaith le cuid againn an méid sin feasa
bheith againn. B'fhéidir dá labhradh na Féisirí na thaobh
go gcoimhlíonfidhe an dlighe mar tá sé sgríobhtha.



Ní bhfuil aon uathbhas ach a dtagann de bhiadh agus
d'adhbhar bídh isteach go hÉirinn. 'Sé iongnadh is mó
bhíonn orm-sa cá bhfuighthear an t-airgead go léir chum
díol asta. Tá leabhar agam agus tá sé shíos ann go
dtáinig go hárd os cionn trí chéad míle tona de
phlúr agus de chruithneacht isteach chughainn an bhliadhain a
ghabh tharainn, as na duthaighibh i bhfad i gcéin, gan trácht
thar ar ghabh chughainn tré chuantaibh Shasana. Ar thrí
raolacha an chloch chosnoch' an méid sin suas le cheithre
milleoin airgid. 'Sé mo thuairm féin go dtagann
breis agus oiread eile an méid sin de phlúr agus de chruith-
neacht chughainn ó Shasana. Caithfear an té agus an siúicre
leis a chomhaireamh, mar is beag an mhaith sagart gan
cléireach.



Is mór an sgrios ar an nduthaigh luach an méid sin
ar fad d'airgead tirm ag imeacht amach as gach aon
bhliadhain. Agus is beag go bhfilleann pinginn de'n
airgead sain orainn go deo, cé gur 'mó áit a ghabhann
cuid de. Láimhsigheann lucht luingeas agus ceannaighthe
móra a gcion de, bolgairidhe nár bhfearr leó áit a bheadh
Gaedhil ná báidhte sa mhuir.



Dá olcas linn bheith ag sgaramhaint leis an airgead
caithfear cur suas leis go fóill. Caithfidh na daoine
biadh d'fhagháilt as taobh éigin. Meathann na prátaidhe.
Caithfear arán d'ithe, agus ní bhíonn adhbhar an aráin
againn féin i nÉirinn mar ná cuirimíd an síol chuige.
Bhíodh cruithneacht ghá cur i nÉirinn leis na ciantaibh, agus
cloisim gur folláine agus gur saoire go mór fós cruith-
neacht na hÉireann, an beagán a bhíonn ann di, ná an
rud a cheannuighmíd lasmuigh. Ach ní fuláir nó faghmuid
blas na meala ar an mbiadh fhásann i dtíorthaibh eile.
Ní fada ó shoin a tháinig an chéad mhála plúir ó America,
agus ó fuaramar a bhlas is geall báis linn ar gcuid féin
a leigint i n-ár mbéal. Ní bhíonn ar gcuid plúir chomh
geal leis an bplúr a thagann anall. Dáltha an fhir
d'íosadh an ceap-bróige dá n-íosadh an Sasanach
ceann eile, ba bheag orainn é bheith le rádh ag éinne'
go mbéadh builín aige níos gile ná againn féin. Pé
olc maith linn é admháil támuíd ag braith ar an luing
chum bídh anois, agus dá stadadh an long beadh gorta agus
ocras i nÉirinn.



Ní fheadar an 'mó seachtmhain a chothach' a bhfuil de
bhiadh i nÉirinn indiu sinn, sé sin gan baint leis an
síol ná leis an stoc? B'fhéidir go 'neósadh gaisgidhigh
an Bhéarla dhúinn é. Tá dream acu i nDún Gharbháin
ná féadfadh dá fhichead éigin focal a chur le chéile i
nGaedhilg. Dá mbéadh ceap-bróige agam chuirfinn
síos chuca é.



(Leanfar de)



Feargus Finn-Bhéil

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services