Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Feabhsughadh Stuic na hÉireann
Title
Feabhsughadh Stuic na hÉireann
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis. Áth-Cliath, Márta 9, 1901. Feabhsughadh Stuic na hÉireann Tá a fhios ag an uile dhuine go bhfuil eólas ar bith aige ar bheathughadh stuic nach bhfuil tír san domhan mór is dona ba 'ná ar dtír féin. Ní gábhadh dhúinn acht seasamh ar pháirc aonaigh (acht gan na haonaigh móra d'áireamh), agus féachaint timcheall orainn, chum bheith deimhneach dhe sin. Ní fheicfeam ba ann acht seafaidíní suaracha. Ní fheicfeam tairbh ann acht buláin truagha caol-bhrollaigh. Is cinnte go dteastuigheann go mór stoc na hÉireann do chur ar bhealach a leasuighthe. Caithfimíd na beithidhigh truagha do chur uainn, agus beithidhigh nísa oireamhnaighe agus nísa thairbhighe dhúinn féin do choimeád. Tá fógra dá chur amach fá láthair as “Oifig na hOibre Talmhan agus an Teagaisg Chéirdeamhla i nÉirinn” ag baint leis an nídh seo. Chíd siad-san go mb'fhearrde sinn ár stoc d'fheabhsughadh, ní hamháin i gceantaraibh an Bhéarla acht i gceantaraibh na Gaedhilge mar an gcéadna, mar tá an fógra ins an dá theangaidh aca. Deir siad go dtiubhraidh siad iasacht airgid d'fheir- meóir no do bhuidhin a stuic. Tá congnamh nach sain acha 'gá ngeallamhaint leis, agus is í an chomhairle bheirimíd do Ghaedhilgeóiríbh ná litir no cárta posta chur ag triall, láithreach, ar an Secretary, Department of Agri- culture and Technical Instruction for Ireland, Upper Merrion-street, Dublin, ag iarraidh an fógra so chur chuca. Léighdís go cúramach é agus tugaidís a mbreith féin air. Ba mhaith linn roinnt díobh bheith ag gach Comhairle Contae agus iad do sgaipeadh i measg na nGaedhilgeóirí. Tráchtfam tuilleadh mar gheall air seo.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services