An Claidheamh Soluis.
Áth-Cliath, Márta 9, 1901.
Feabhsughadh Stuic na hÉireann
Tá a fhios ag an uile dhuine go bhfuil eólas ar bith
aige ar bheathughadh stuic nach bhfuil tír san domhan mór
is dona ba 'ná ar dtír féin. Ní gábhadh dhúinn acht
seasamh ar pháirc aonaigh (acht gan na haonaigh móra
d'áireamh), agus féachaint timcheall orainn, chum bheith
deimhneach dhe sin. Ní fheicfeam ba ann acht seafaidíní
suaracha. Ní fheicfeam tairbh ann acht buláin truagha
caol-bhrollaigh. Is cinnte go dteastuigheann go mór
stoc na hÉireann do chur ar bhealach a leasuighthe.
Caithfimíd na beithidhigh truagha do chur uainn, agus beithidhigh
nísa oireamhnaighe agus nísa thairbhighe dhúinn féin do
choimeád.
Tá fógra dá chur amach fá láthair as “Oifig na
hOibre Talmhan agus an Teagaisg Chéirdeamhla i nÉirinn”
ag baint leis an nídh seo. Chíd siad-san go mb'fhearrde
sinn ár stoc d'fheabhsughadh, ní hamháin i gceantaraibh an
Bhéarla acht i gceantaraibh na Gaedhilge mar an
gcéadna, mar tá an fógra ins an dá theangaidh aca.
Deir siad go dtiubhraidh siad iasacht airgid d'fheir-
meóir no do bhuidhin a stuic. Tá congnamh nach sain
acha 'gá ngeallamhaint leis, agus is í an chomhairle bheirimíd
do Ghaedhilgeóiríbh ná litir no cárta posta chur ag
triall, láithreach, ar an Secretary, Department of Agri-
culture and Technical Instruction for Ireland, Upper
Merrion-street, Dublin, ag iarraidh an fógra so chur
chuca. Léighdís go cúramach é agus tugaidís a mbreith
féin air. Ba mhaith linn roinnt díobh bheith ag gach
Comhairle Contae agus iad do sgaipeadh i measg na
nGaedhilgeóirí. Tráchtfam tuilleadh mar gheall air
seo.