Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Cad do dhéanfam gan an cogadh. Deir Seaghán go mbeidh siothcháin ann i gcionn coicthighis, agus, ó is fear firinneach eisean caithfear é chreideamhaint. Ní thaith- neóchaidh an sgéal sain go maith leis na beathadhachaibh
allta ins an Afric mar táid siad sleamhain, beathaighthe, ó chapaill Sheagháin, agus anois is arís ithid siad Sasanach, nuair do ghoilleann feóil na gcapall ortha. Caithfid siad déanamh gan an biadh sin feasda má's fíor go mbeidh síothcháin ann. Ní fheadramar cionnus do thioc- faidh an tsíothcháin úd agus má tá fhios ag Seaghán níor chraobhsgaoil sé fós dúinn é. Ní fhuil aon fhonn ar Aodh Ruadh De Bhet géilleadh. Bhí na maidríní laithighe ag amhastraigh ar a shálaibh ar feadh na seachtmhaine. Bhíodar timcheall air dó nó trí uairibh, agus na haibhne lán go bruach ar an mbóthar roimis, agus bhí na hamparáin i Sasana ag féitheamh leis an sgéal acht níor thug De Bhet an méid sin sásaimh dóibh. Deir Citsiner, Dia Sathrainn seo ghabh thart, gur chuaidh sé dhíobh breith air, gidh go raibh naonbhar ceann feadhma agus cheithre fichid míle saighdiúir ag gabháil do'n laoch so le coicthigheas. Is beag an iongnadh go bhfuil Seaghán ag ceisneamh acht d'á mhéid a buaidhirt níor chaill sé riamh a thréith chum éithigh. Tá na bréaga 'gá gcartadh anall chúgainn le seacht- mhain, acht ní heól dom iad do luadh. B'fhéidir gur thré Laoiseach Bóta atá an tsíothcháin ag teacht. Do leath na páipéir go soiléir an sgéala gur tháinig an taoiseach sain isteach go tigh Sheagháin. Do chuir Citsi- ner bean Laoisigh mar a theachtaire chuige ag iarraidh áitimh air géilleadh. Tá na mílte fear ag iarraidh buntáiste d'fhághail ar Laoiseach agus nuair nách féidir dóibh é ní fuláir dóibh an bhean do chur ag iarraidh é mhealladh. Do ghoid Citsiner a lán ba uaidh, agus do mhaoidhimh sé go hárd gur thóg sé trí ghunna uaidh, acht deir an sgéal deireannach gur innis spiadhre éigin do'n Fhrínseach cá raibh na gunnaí úd i bhfolach. Is beag nách bhfuil an Rúise chómh holc la Sasana. Ar a shon sain biothamhnach neamathach is eadh an Rúíse. Ní chuireann sí isteach ar thír bheag, acht is beag é a beann ar chumhacht mhór. Do ghnídh an glaigín sin Ímpire na Gearmáine coingheall le Seaghán Buidhe nach leigfidís araon d'aon chumhacht eile greim do bhaint as tír na Síneach. Aontuighim leis sin go tapaidh, adeir an Rúsach, acht féach tá Mansúria so agam cheana. Ba leis na Sínigh í gan amhras. Ní thógfadh uatha í, acht amháin go mbead féin mar cheann uirthe mar oireann sí dhom go dian mhaith! Ní bheimís-ne go bráth chómh ciontach sain, adeir Seaghán, agus gealacht a shúile le feicsint. Ar bhiorán bhuidhe do bhuailfimís an Rúíse sin — d'á leigfeadh an eagla dhúinn é. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services