Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Cad do dhéanfam gan an cogadh. Deir Seaghán go
mbeidh siothcháin ann i gcionn coicthighis, agus, ó is fear
firinneach eisean caithfear é chreideamhaint. Ní thaith-
neóchaidh an sgéal sain go maith leis na beathadhachaibh


L. 818


allta ins an Afric mar táid siad sleamhain, beathaighthe,
ó chapaill Sheagháin, agus anois is arís ithid siad Sasanach,
nuair do ghoilleann feóil na gcapall ortha. Caithfid
siad déanamh gan an biadh sin feasda má's fíor go
mbeidh síothcháin ann. Ní fheadramar cionnus do thioc-
faidh an tsíothcháin úd agus má tá fhios ag Seaghán níor
chraobhsgaoil sé fós dúinn é. Ní fhuil aon fhonn ar
Aodh Ruadh De Bhet géilleadh. Bhí na maidríní laithighe
ag amhastraigh ar a shálaibh ar feadh na seachtmhaine.
Bhíodar timcheall air dó nó trí uairibh, agus na haibhne lán
go bruach ar an mbóthar roimis, agus bhí na hamparáin i
Sasana ag féitheamh leis an sgéal acht níor thug De
Bhet an méid sin sásaimh dóibh. Deir Citsiner, Dia
Sathrainn seo ghabh thart, gur chuaidh sé dhíobh breith air,
gidh go raibh naonbhar ceann feadhma agus cheithre fichid
míle saighdiúir ag gabháil do'n laoch so le coicthigheas.
Is beag an iongnadh go bhfuil Seaghán ag ceisneamh acht
d'á mhéid a buaidhirt níor chaill sé riamh a thréith chum
éithigh.



Tá na bréaga 'gá gcartadh anall chúgainn le seacht-
mhain, acht ní heól dom iad do luadh. B'fhéidir gur
thré Laoiseach Bóta atá an tsíothcháin ag teacht. Do
leath na páipéir go soiléir an sgéala gur tháinig an
taoiseach sain isteach go tigh Sheagháin. Do chuir Citsi-
ner bean Laoisigh mar a theachtaire chuige ag iarraidh
áitimh air géilleadh. Tá na mílte fear ag iarraidh
buntáiste d'fhághail ar Laoiseach agus nuair nách féidir
dóibh é ní fuláir dóibh an bhean do chur ag iarraidh é
mhealladh. Do ghoid Citsiner a lán ba uaidh, agus do
mhaoidhimh sé go hárd gur thóg sé trí ghunna uaidh, acht
deir an sgéal deireannach gur innis spiadhre éigin
do'n Fhrínseach cá raibh na gunnaí úd i bhfolach.



Is beag nách bhfuil an Rúise chómh holc la Sasana.
Ar a shon sain biothamhnach neamathach is eadh an Rúíse.
Ní chuireann sí isteach ar thír bheag, acht is beag é a
beann ar chumhacht mhór. Do ghnídh an glaigín sin
Ímpire na Gearmáine coingheall le Seaghán Buidhe nach
leigfidís araon d'aon chumhacht eile greim do bhaint as
tír na Síneach. Aontuighim leis sin go tapaidh, adeir
an Rúsach, acht féach tá Mansúria so agam cheana. Ba
leis na Sínigh í gan amhras. Ní thógfadh uatha í, acht
amháin go mbead féin mar cheann uirthe mar oireann
sí dhom go dian mhaith! Ní bheimís-ne go bráth chómh
ciontach sain, adeir Seaghán, agus gealacht a shúile le
feicsint. Ar bhiorán bhuidhe do bhuailfimís an Rúíse
sin — d'á leigfeadh an eagla dhúinn é.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services