Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Is annamh do chuirim féin puinn suime i ngnóthaibh na Feise Gallda i Lúnduin, agus is é is dóich liom gur beag an tairbhe 'ná an sochar do fuair muinntir na hÉireann riamh aisde siúd, agus is beag do gheóbhaid do bráth. Mar sin fhéin caithfear feisirí ó Éirinn do chur ann ó támuid ceangailte le Sasana. Ní raibh sé do mhisneach ag aon fhear riamh aca roimhe seo Gaedhilg do labhairt annsúd gur sgaoil Tomás Ó Dómhnaill siolla binn di ortha — rud ba chóra de na Feisiríbh ó Éirinn a dhéanamh fadó. D'á dtosnuigheadh Dómhnaill Ó Conaill ar an gcuma so bhiadh meas ar Éirinn indiu agus bhiadh a teanga agus a nósa féin aici, agus ní bheimis, mar atámuid anois leath-lobhtha le bréantas agus droch-chleachtadh na Sasanach. Seadh, is feárr an mhaith atá 'ná an mhaith do bhí. Is iad fir de shaghas Thomáis Uí Dhomhnaill do chuireann ar bun náisiúin agus do thugann neart do chineadhaibh. Tar slán a Thomáis, beidh ár dtír is ár dteanga féin againn fós le congnamh Dé i naindeoin na mbodach iasachta. Is uathbhásach an t-ualach airgid milliún go leith púnt. Ní bhiadh sé cómhairmhthe agat go ceann dhá bhliadhan. Sin é mála óir atá ag Seaghán Buidhe d'á chaitheamh gach seachtmhain ar an gcogadh, agus nách daor an bheart dó é. Goilleann an costus sain air níos 'mó ná bás na gcéadta fear, mar tá na hamadáin sin fulúirseach go leór aige. Caitheann sé sluasad chré ar na corpaibh, nó fágann sé fá na fiolair fola nó na beathadhaigh allta iad má bheidheas gunna geárr an Bhóraigh ró-athcho- mair dó. Bhí súil i n-áirde againn ar feadh na seachtmhaine, mar dubhairt na páipéir linn go raibh turus an laoich De Bhet tabhartha fá dheireadh. Ní raibh dul as aige an cor so. Is mithid é, adubhairt gach duine, támuid cráidhte creachda ag an bhfear sain le fada. An sgriosadóir, crochfaidh Citsiner é, agus is maith an sgéal é, acht mo dhá léir is é Citsiner féin do bhí a gcumhangach mar do phreab na Bóraigh anuas air gan choinne leo, agus do theich sé len' anam. Muna mbiadh go raibh sé ar bórd carbaid lúirighthe bhí greim ar sgórnuig ag fir na bhféasóg bhfada air gan aon amhras. Tá an t-ádh ar Chitsiner. Do b'shiúd é an tríomhadh
huair do shleamhnuigh sé as láimh na mBórach. Bhiadh fonn gáiridhe ort ag éisteacht leis na Sasanaigh acht go bhfuil an cogadh so chómh gránna gur bh'oireamhnaighe do dhuine fonn goil do bheith air. Tá báidh ag an saoghal leis na Bóraigh acht ní thugann an bháidh sin greim bídh 'ná fear cabhartha chúca. Ní raibh ionnta ó thúis acht dream beag laoch agus táid siad ag dul i laighead gach lá, mar is marbhthach bheith ag comhrac ar feadh bliadhna go leith, is fiche fear i naghaidh gach cinn aca. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services