Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Is annamh do chuirim féin puinn suime i ngnóthaibh na
Feise Gallda i Lúnduin, agus is é is dóich liom gur beag
an tairbhe 'ná an sochar do fuair muinntir na hÉireann
riamh aisde siúd, agus is beag do gheóbhaid do bráth. Mar
sin fhéin caithfear feisirí ó Éirinn do chur ann ó
támuid ceangailte le Sasana. Ní raibh sé do mhisneach
ag aon fhear riamh aca roimhe seo Gaedhilg do labhairt
annsúd gur sgaoil Tomás Ó Dómhnaill siolla binn di
ortha — rud ba chóra de na Feisiríbh ó Éirinn a dhéanamh
fadó. D'á dtosnuigheadh Dómhnaill Ó Conaill ar an
gcuma so bhiadh meas ar Éirinn indiu agus bhiadh a teanga
agus a nósa féin aici, agus ní bheimis, mar atámuid anois
leath-lobhtha le bréantas agus droch-chleachtadh na Sasanach.
Seadh, is feárr an mhaith atá 'ná an mhaith do bhí. Is iad
fir de shaghas Thomáis Uí Dhomhnaill do chuireann ar bun
náisiúin agus do thugann neart do chineadhaibh. Tar slán
a Thomáis, beidh ár dtír is ár dteanga féin againn fós
le congnamh Dé i naindeoin na mbodach iasachta.



Is uathbhásach an t-ualach airgid milliún go leith púnt.
Ní bhiadh sé cómhairmhthe agat go ceann dhá bhliadhan.
Sin é mála óir atá ag Seaghán Buidhe d'á chaitheamh
gach seachtmhain ar an gcogadh, agus nách daor an bheart
dó é. Goilleann an costus sain air níos 'mó ná bás
na gcéadta fear, mar tá na hamadáin sin fulúirseach
go leór aige. Caitheann sé sluasad chré ar na corpaibh,
nó fágann sé fá na fiolair fola nó na beathadhaigh
allta iad má bheidheas gunna geárr an Bhóraigh ró-athcho-
mair dó.



Bhí súil i n-áirde againn ar feadh na seachtmhaine, mar
dubhairt na páipéir linn go raibh turus an laoich De
Bhet tabhartha fá dheireadh. Ní raibh dul as aige an
cor so. Is mithid é, adubhairt gach duine, támuid
cráidhte creachda ag an bhfear sain le fada. An
sgriosadóir, crochfaidh Citsiner é, agus is maith an sgéal é,
acht mo dhá léir is é Citsiner féin do bhí a gcumhangach
mar do phreab na Bóraigh anuas air gan choinne leo, agus
do theich sé len' anam. Muna mbiadh go raibh sé ar
bórd carbaid lúirighthe bhí greim ar sgórnuig ag fir na
bhféasóg bhfada air gan aon amhras.



Tá an t-ádh ar Chitsiner. Do b'shiúd é an tríomhadh


L. 802


huair do shleamhnuigh sé as láimh na mBórach. Bhiadh
fonn gáiridhe ort ag éisteacht leis na Sasanaigh acht
go bhfuil an cogadh so chómh gránna gur bh'oireamhnaighe
do dhuine fonn goil do bheith air. Tá báidh ag an saoghal
leis na Bóraigh acht ní thugann an bháidh sin greim bídh
'ná fear cabhartha chúca. Ní raibh ionnta ó thúis acht
dream beag laoch agus táid siad ag dul i laighead gach
lá, mar is marbhthach bheith ag comhrac ar feadh bliadhna
go leith, is fiche fear i naghaidh gach cinn aca.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services