Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Ní fios,
Pen Name
Feargus Finn-Bhéil
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Éire Is geall le sos malairt gnótha. Is dócha nách beag leis an léightheoir a bhfuil ráidhte i dtaobh na dighe, agus tráchtfamuíd thar an mbiadh tamall eile. Dá olcas í an deoch táim lán deimhnitheach gur'b é easbadh an bhídh an donas is mó atá ar Éirinn le fada. Is 'mó mí-ádh a leanann de'n ndigh gan amhras, ach beireann an biadh agus an t-annlan a thrí oirid airgid amach as an dtír ná filleann go deó. Agus rud eile dhe, ceapaim go gcuireann easbadh an bhidh a chúig oirid daoine amach as Éirinn agus chuireann an deoch. Tá trí dhream i nÉirinn anois, ar an gcuid is lugha dhe, ar a gcroidhe dhichill d'iarraidh an tír seo a shaoradh ó ghalar an bháis, an galar a dhíbir leath na ndaoine le leath chéad bliadhan, agus a bhaineann an croidhe agus an t-anam as a bhfuil fágtha dhíobh. Tá dream acu i n-aghaidh dighe, dream ag cabhrughadh le lucht lámh- dhéantúsaibh, agus dream eile d'iarraidh na dtighearnaí talmhan a cheannach amach thar a mbarra, i gcás ná beadh aon chíos ar an dtalamh. Is obair mhaith atá ceachtar acu á dhéanamh, ach ní bheidh an galar leighiste, ná leath leighiste, [no]{nó} go bhfuighimíd ár gcuid bídh as talamh mhín mhéith na hÉireann mar ba chóir dúinn. Feuch mar seo air. Ólann fear na tuaithe braon lá aonaigh agus lá margaidh. Téidheann sé isteach i siopa eudaigh uair sa mhí, [no]{nó} uair sa ráithe. Íocann sé cíos uair sa leath bhliadhain, agus cé go mbíonn an cíos trom ní dócha go dteidheann a leath amach as Éirinn. Ach suidheann fear, bean, agus páisde chum búird trí h-uaire sa ló, agus dhá uair díobh sain itheann said biadh agus ólann siad deoch a cheannuighthear go daor i ndúthaighibh iasachta. Tar éis ar chuir an Druimfhionn Donn Dílis di tá an domhan thoir agus domhan thiar agus an domhan eatorra gá sniugadh anois, agus a bhuachaillí féin ag feuchaint ortha. Is maith í an sean-ghamhnach [no]{nó} is gearr go mbeidh sí siulpaighthe amach. (Leanfar de) Feargus Finn-Bhéil
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services