Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Ní fios,
Pen Name
Feargus Finn-Bhéil
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Éire



Is geall le sos malairt gnótha. Is dócha nách beag
leis an léightheoir a bhfuil ráidhte i dtaobh na dighe, agus
tráchtfamuíd thar an mbiadh tamall eile. Dá olcas í
an deoch táim lán deimhnitheach gur'b é easbadh an bhídh
an donas is mó atá ar Éirinn le fada. Is 'mó mí-ádh
a leanann de'n ndigh gan amhras, ach beireann an biadh
agus an t-annlan a thrí oirid airgid amach as an dtír ná
filleann go deó. Agus rud eile dhe, ceapaim go
gcuireann easbadh an bhidh a chúig oirid daoine amach as
Éirinn agus chuireann an deoch.



Tá trí dhream i nÉirinn anois, ar an gcuid is lugha
dhe, ar a gcroidhe dhichill d'iarraidh an tír seo a shaoradh
ó ghalar an bháis, an galar a dhíbir leath na ndaoine le
leath chéad bliadhan, agus a bhaineann an croidhe agus an
t-anam as a bhfuil fágtha dhíobh. Tá dream acu i
n-aghaidh dighe, dream ag cabhrughadh le lucht lámh-
dhéantúsaibh, agus dream eile d'iarraidh na dtighearnaí
talmhan a cheannach amach thar a mbarra, i gcás ná
beadh aon chíos ar an dtalamh. Is obair mhaith atá
ceachtar acu á dhéanamh, ach ní bheidh an galar leighiste,
ná leath leighiste, [no]{nó} go bhfuighimíd ár gcuid bídh as
talamh mhín mhéith na hÉireann mar ba chóir dúinn.



Feuch mar seo air. Ólann fear na tuaithe braon lá
aonaigh agus lá margaidh. Téidheann sé isteach i siopa
eudaigh uair sa mhí, [no]{nó} uair sa ráithe. Íocann sé cíos
uair sa leath bhliadhain, agus cé go mbíonn an cíos trom
ní dócha go dteidheann a leath amach as Éirinn. Ach
suidheann fear, bean, agus páisde chum búird trí h-uaire
sa ló, agus dhá uair díobh sain itheann said biadh agus ólann
siad deoch a cheannuighthear go daor i ndúthaighibh iasachta.
Tar éis ar chuir an Druimfhionn Donn Dílis di tá an
domhan thoir agus domhan thiar agus an domhan eatorra gá
sniugadh anois, agus a bhuachaillí féin ag feuchaint ortha.
Is maith í an sean-ghamhnach [no]{nó} is gearr go mbeidh sí
siulpaighthe amach.



(Leanfar de)



Feargus Finn-Bhéil

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services