Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eirghe in áirde
Title
Eirghe in áirde
Author(s)
O Cadhlaigh, Seaghan,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Eirghe in áirde Chuaidh garsún beag óg mar sheirbhíseach go dtí duine uasal. B'é a ghnó ar dtús bheith ag glanadh na sgian, féachaint i ndiaidh cearc agus nidhthe beaga mar sin timchioll an tighe. Nuair do neartuigh sé, fuair sé bheith 'na bhuachaill stábla agus na dhiaidh sin na bhoitléar. Do bhí meas mór ag an nduine air, mar gheall ar a ghastacht, agus d'éis beagáin aimsine fuair sé do bheith 'na fhear ioca a bhailiughadh. Tháinig sé go dtí sráid bheag lá, ag bailiughadh ioca, agus tháinig an duine uasal leis. Do bhidheadar ag suidhe síos i seomra i mbárr an tighe 'sa' tsráid. Do bhí na daoine asteach agus amach chucha. Fé dheire tháinig sean- bhean mhaith láidir — bean-chaointe a b'eadh í — asteach. D'aithin an duine uasal í, agus dubhairt le fear an ioca gur bh'in do chúmfadh bhéarsa ar an láthair sin [do]{dó}. “Má chumann sí bhéarsa fírinneach, maithfead an t-ioc dí,” ars' an fear eile. “Ní mhaithfeá,” ars' ise. “Ó go deimhin maithfeadh,” ars' eisean. “Is amhlaidh bhéitheá ag magadh fúm arball,” ars' ise. “Mara maithfidh sé seo an t-ioc duit,” ars' an duine uasal, “díolfadsa thar do cheann é.” “Táim sásta leis sin,” ar an bhean, ag iompódh anonn ar fhear an ioca agus ag rádh: — “Tá póist ó'n righ agat 'S is gearr ó bhí Dhá phoist nó trí agat Plátaí le lioghrac Stáblaí le sgríobadh Is cearca le cuibhreach I gcóir na hoidhche In ionad bheith id' shuidhe suas I bhfochair na dtaoiseach Ag ól an fhíona Nidh nar síleadh Tá an t-ioc díolta 'S an t-urradh go righ-mhaith Seo an staighre síos liom.” B'fhearr le fear an ioca go leigfeadh sé dhí Míniughadh — ioc local rates. Seaghan O Cadhlaigh. Cuilionn Uí Chaoimh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services