Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eirghe in áirde

Title
Eirghe in áirde
Author(s)
O Cadhlaigh, Seaghan,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Eirghe in áirde



Chuaidh garsún beag óg mar sheirbhíseach go dtí duine
uasal. B'é a ghnó ar dtús bheith ag glanadh na sgian,
féachaint i ndiaidh cearc agus nidhthe beaga mar sin
timchioll an tighe. Nuair do neartuigh sé, fuair sé
bheith 'na bhuachaill stábla agus na dhiaidh sin na bhoitléar.
Do bhí meas mór ag an nduine air, mar gheall ar a
ghastacht, agus d'éis beagáin aimsine fuair sé do bheith 'na
fhear ioca a bhailiughadh.



Tháinig sé go dtí sráid bheag lá, ag bailiughadh ioca,
agus tháinig an duine uasal leis. Do bhidheadar ag suidhe
síos i seomra i mbárr an tighe 'sa' tsráid. Do bhí na
daoine asteach agus amach chucha. Fé dheire tháinig sean-
bhean mhaith láidir — bean-chaointe a b'eadh í — asteach.
D'aithin an duine uasal í, agus dubhairt le fear an ioca
gur bh'in do chúmfadh bhéarsa ar an láthair sin [do]{dó}.



“Má chumann sí bhéarsa fírinneach, maithfead an
t-ioc dí,” ars' an fear eile.



“Ní mhaithfeá,” ars' ise.



“Ó go deimhin maithfeadh,” ars' eisean.



“Is amhlaidh bhéitheá ag magadh fúm arball,” ars'
ise.



“Mara maithfidh sé seo an t-ioc duit,” ars' an
duine uasal, “díolfadsa thar do cheann é.”



“Táim sásta leis sin,” ar an bhean, ag iompódh
anonn ar fhear an ioca agus ag rádh: —



“Tá póist ó'n righ agat
'S is gearr ó bhí
Dhá phoist nó trí agat
Plátaí le lioghrac
Stáblaí le sgríobadh
Is cearca le cuibhreach
I gcóir na hoidhche
In ionad bheith id' shuidhe suas
I bhfochair na dtaoiseach
Ag ól an fhíona
Nidh nar síleadh
Tá an t-ioc díolta
'S an t-urradh go righ-mhaith
Seo an staighre síos liom.”



B'fhearr le fear an ioca go leigfeadh sé dhí
Míniughadh — ioc local rates.



Seaghan O Cadhlaigh.



Cuilionn Uí Chaoimh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services