Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Leanann Galldachas do'n Ghallbhéarla
Title
Leanann Galldachas do'n Ghallbhéarla
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Leanann Galldachas do'n Ghallbhéarla Bhíos 'ga léigheadh go deirionnach sgeul do sgríobh sagart éigin. Éireannach is é an sagart agus i nGall- Bhéarla atá an sgeul sgríobhtha. Ní'lim 'ghá casaoid ar an méid so, óir is ró-bheag an uimhir sagart in Éirinn ar bhféidir leo sgeul do sgríobhadh i nGaedhilg. Is deas an sgeul é agus is taitneamhach; sgríobhtha le sár-úghdarthas. Is fear foghlumta sgolartha, géir- inntleachta an t-ughdar, agus tuigeann sé céird an ughdair go maith. Ó thús go deireadh léighimíd an sgeul le fonn agus le suim agus le blas; agus atá brón orrainn an tráth críochnuighthear é. Béidh cuimhne againn chomh fhaid is mhairfimíd ar fhuireann an sgéil, ar an sagart óg fearamhail stuamdha mear, grádhach, cráibhtheach atá ar lasadh le grádh do Dhia agus do'n mháighdin Mhuire agus fós da chomhursain; agus a chaithea sé féin go fonnmhar agus go
lán-chroidhtheach ar son daoine bochta an pharróisde. Agus ní dhéanfaimid dearmad go tapaidh ar an sean- shagart athardha, chinéalta atá chomh fial dá dhaoinibh agus dá fhó-shagart. Atá mar an gceudna daoine eile de'n fhuirinn do thaitin go mór linn agus mar dubhramar cheana is deas an sgeul é, agus ní'lmíd linn féin san tuairim so, óir atá an phuiblidheacht chomh sásta shin leis an sgeul go bhfuil ocht gcur-amach dé craobhsgaoilte cheana féin. Acht ar a shon so agus uile is éigin dúinn locht do chur in aghaidh an sgéil, locht a leanas, do réir ar mbaramhla- sa, do'n theanga ann a bhfuil sé sgríobhtha .i. an Gall- Bhéarla. Atá blas Gallda neamh-dhúthasach ar an sgeul ó thús go deireadh. Atá an t-ughdar 'na shagart fhogh- lumtha ar léigh an iomad leabhar agus aith-sgríobhann sé mórán ó na hughdaraibh ar léigh sé, acht is ughdair Ghallda no coigchríocha iad beagnach go huile. Aith- sgríobhann sé ailt ó na hughdaraibh Gallda so síos .i. Alfred Tennyson, Shakespeare, William Morris, Wordsworth, Sir J. Taylor, Dr. Lloyd Carlyle, Dickens, Macauley, &c., agus ó na hughdaraigh coigcri- ocha so síos Horace, Virgil, Cesar, Suarez, Aristotle, Plato, Wechylm, Dante, Hugo &c., agus fós ó an hugh- daraibh diadha so síos, St. Bernard, Greek Fathers, St. Francis of Assissi, St. Francis de Sales, St. Lignori, St. Charles Borromeo, St. Bonaventure, St. Augustine, St. Basil, St. Gregory, Ballerini, &c. Ní aithsgríobh- thar leis an ughdar so focal dár sgríobh ughdar Éire- annach acht leath-rann amháin de fhilidheacht Thomáis Dáibhis, agus ní thráchtann sé ar ughdar Éireannach acht Dáibhis agus Crolly, ughdar diadha. Dar ndóigh ní fiú trácht an ughdaraibh suaracha Éireann, no thráchtfadh an sagart díleas Éireannach so orra, trath thimchilligh sé an domhan le hughdaraibh d'fhághail le fírinnibh éigin do cruthadh agus do chur in iúl dhúinn. Agus ní raibh fear diadha againn riamh is cosamhail óir ní rachadh an sagart Éireannach so thríd críochaibh na hEórpa agus na hAsia le naomhaibh do luadh agus dearmad do dhéanamh de naomhaibh a thíre féin. Dála canamhna na haithsgríbhinní atá an chuid is mó dhe 'na Ghall-Bhéarla acht dá bhárr ar sin atá mórán d'aith- sgríbhinnibh i dteangaibh éagsamhla. Atá fá thuairim ceithre céad focal Laidin san leabhar, sé focla Gréigis, fiche focal Gearmáinis agus ní dheirfinn nach bhfuil focal nó dó de Spáinis le fághail. An bhfuil Gaedhi- lig ar bith 'san leabhar? Atá go deimhin sé focla deug de Ghaedhilig agus an chuid is mó aca litrighthe go tuathal! Ní dearmad do rinne an t-ughdar tráth thug an áit is dona do'n Ghaedhilig óir chuirinn sé a mheas féin ar gach teanga i mbéal fhir de fhuirinn an sgéil .i. an sean-shagart agus is í so a thuairim. “Is teanga glio- cais Francis, teanga grádha Itailis, teanga fallsan- achta Gearmáinis teanga ceannuigheachta Gall-Bhéarla, teanga na hEaglaise Laidion, teanga an sgoláire Gréigis, agus is teanga Dé an t-Eabhra.” Ní luaidhtear leis an Ghaedhilig ar chor ar bith! Ní fiú trácht uirri í; ní'l aon fhéidhm innti in aghaidh rud ar bith. Atá chomharthaí éigin eile ar an leabhar ann so is ann súd gur ghabh Galldachas gréim ar an sgríobhnóir agus gur chlaoin sé a inntinn agus a inntleacht chomh mór sin gur suarach leis gach uile nidh dhúthasach i gcomórtus le neidhthibh Gallda agus neidhthibh coigcríocha. Dearcann sé siar ar an domhan agus ní fiú leis amharc fá na chosaibh. Acht ná bíodh iongantas orrainn fá 'n méid so, óir tráth tógthar teanga coigcríocha tógthar in aoinfheacht léi inntleachtas coigcríocha, óir is cinnte sin go ndeil- bhigheann an teanga inntleacht agus meanmain. Ní'l léigheas air acht an teanga coigcríocha do dhíbirt. Tógamaois an léigheas so agus dibirimís an Gall-Bhéarla chomh tiugh is is féidir linn é. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services