Leanann Galldachas do'n Ghallbhéarla
Bhíos 'ga léigheadh go deirionnach sgeul do sgríobh
sagart éigin. Éireannach is é an sagart agus i nGall-
Bhéarla atá an sgeul sgríobhtha. Ní'lim 'ghá casaoid
ar an méid so, óir is ró-bheag an uimhir sagart in
Éirinn ar bhféidir leo sgeul do sgríobhadh i nGaedhilg.
Is deas an sgeul é agus is taitneamhach; sgríobhtha le
sár-úghdarthas. Is fear foghlumta sgolartha, géir-
inntleachta an t-ughdar, agus tuigeann sé céird an
ughdair go maith. Ó thús go deireadh léighimíd an
sgeul le fonn agus le suim agus le blas; agus atá brón orrainn
an tráth críochnuighthear é. Béidh cuimhne againn chomh
fhaid is mhairfimíd ar fhuireann an sgéil, ar an sagart
óg fearamhail stuamdha mear, grádhach, cráibhtheach atá
ar lasadh le grádh do Dhia agus do'n mháighdin Mhuire agus fós
da chomhursain; agus a chaithea sé féin go fonnmhar agus go
lán-chroidhtheach ar son daoine bochta an pharróisde.
Agus ní dhéanfaimid dearmad go tapaidh ar an sean-
shagart athardha, chinéalta atá chomh fial dá dhaoinibh agus
dá fhó-shagart. Atá mar an gceudna daoine eile
de'n fhuirinn do thaitin go mór linn agus mar dubhramar
cheana is deas an sgeul é, agus ní'lmíd linn féin san
tuairim so, óir atá an phuiblidheacht chomh sásta shin leis
an sgeul go bhfuil ocht gcur-amach dé craobhsgaoilte
cheana féin.
Acht ar a shon so agus uile is éigin dúinn locht do chur
in aghaidh an sgéil, locht a leanas, do réir ar mbaramhla-
sa, do'n theanga ann a bhfuil sé sgríobhtha .i. an Gall-
Bhéarla. Atá blas Gallda neamh-dhúthasach ar an sgeul
ó thús go deireadh. Atá an t-ughdar 'na shagart fhogh-
lumtha ar léigh an iomad leabhar agus aith-sgríobhann sé
mórán ó na hughdaraibh ar léigh sé, acht is ughdair
Ghallda no coigchríocha iad beagnach go huile. Aith-
sgríobhann sé ailt ó na hughdaraibh Gallda so síos .i.
Alfred Tennyson, Shakespeare, William Morris,
Wordsworth, Sir J. Taylor, Dr. Lloyd Carlyle,
Dickens, Macauley, &c., agus ó na hughdaraigh coigcri-
ocha so síos Horace, Virgil, Cesar, Suarez, Aristotle,
Plato, Wechylm, Dante, Hugo &c., agus fós ó an hugh-
daraibh diadha so síos, St. Bernard, Greek Fathers,
St. Francis of Assissi, St. Francis de Sales, St. Lignori,
St. Charles Borromeo, St. Bonaventure, St. Augustine,
St. Basil, St. Gregory, Ballerini, &c. Ní aithsgríobh-
thar leis an ughdar so focal dár sgríobh ughdar Éire-
annach acht leath-rann amháin de fhilidheacht Thomáis
Dáibhis, agus ní thráchtann sé ar ughdar Éireannach acht
Dáibhis agus Crolly, ughdar diadha. Dar ndóigh ní fiú
trácht an ughdaraibh suaracha Éireann, no thráchtfadh an
sagart díleas Éireannach so orra, trath thimchilligh sé
an domhan le hughdaraibh d'fhághail le fírinnibh éigin do
cruthadh agus do chur in iúl dhúinn. Agus ní raibh fear
diadha againn riamh is cosamhail óir ní rachadh an sagart
Éireannach so thríd críochaibh na hEórpa agus na hAsia le
naomhaibh do luadh agus dearmad do dhéanamh de naomhaibh
a thíre féin.
Dála canamhna na haithsgríbhinní atá an chuid is mó dhe
'na Ghall-Bhéarla acht dá bhárr ar sin atá mórán d'aith-
sgríbhinnibh i dteangaibh éagsamhla. Atá fá thuairim
ceithre céad focal Laidin san leabhar, sé focla Gréigis,
fiche focal Gearmáinis agus ní dheirfinn nach bhfuil
focal nó dó de Spáinis le fághail. An bhfuil Gaedhi-
lig ar bith 'san leabhar? Atá go deimhin sé focla
deug de Ghaedhilig agus an chuid is mó aca litrighthe go
tuathal! Ní dearmad do rinne an t-ughdar tráth thug
an áit is dona do'n Ghaedhilig óir chuirinn sé a mheas
féin ar gach teanga i mbéal fhir de fhuirinn an sgéil .i.
an sean-shagart agus is í so a thuairim. “Is teanga glio-
cais Francis, teanga grádha Itailis, teanga fallsan-
achta Gearmáinis teanga ceannuigheachta Gall-Bhéarla,
teanga na hEaglaise Laidion, teanga an sgoláire
Gréigis, agus is teanga Dé an t-Eabhra.” Ní luaidhtear
leis an Ghaedhilig ar chor ar bith! Ní fiú trácht uirri í;
ní'l aon fhéidhm innti in aghaidh rud ar bith.
Atá chomharthaí éigin eile ar an leabhar ann so is ann
súd gur ghabh Galldachas gréim ar an sgríobhnóir agus
gur chlaoin sé a inntinn agus a inntleacht chomh mór sin
gur suarach leis gach uile nidh dhúthasach i gcomórtus
le neidhthibh Gallda agus neidhthibh coigcríocha. Dearcann
sé siar ar an domhan agus ní fiú leis amharc fá na chosaibh.
Acht ná bíodh iongantas orrainn fá 'n méid so, óir
tráth tógthar teanga coigcríocha tógthar in aoinfheacht
léi inntleachtas coigcríocha, óir is cinnte sin go ndeil-
bhigheann an teanga inntleacht agus meanmain. Ní'l
léigheas air acht an teanga coigcríocha do dhíbirt.
Tógamaois an léigheas so agus dibirimís an Gall-Bhéarla
chomh tiugh is is féidir linn é.
Cú Uladh