Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Tá sí nuadh orainn anois cloisim. Édbhárd an seacht is ainm dó. Sasanach maith is eadh é, adeir sé. Thug sé an leabhar breac i bhFeis na dtighearnaí i Lúnduin, an lá eile, gur iodhal-adhradh Aifreann Dé agus nach bhfuil ins gCorp Naomhtha acht amháin gnearain. Tá cuid de na páipéaraibh ag gleó 'na thaobh so, agus 'gá rádh ná'r chóir do'n righ seo an leabhar breac sain do thabhairt. Ní gábhadh dhóibh an fothram. Creideann furmhór na Sasanach an rud céadna, agus bíodh ortha féin. Ní cóir do'n Chatoilice méar do chur 'na súil mar gheall air sin. Nách cuma dhuit cad' déarfaidh an fear thall. Tugadh sé a mhóide, má's maith leis é, nách bhfuil tusa an mbóthar gceart. Déan mar is cóir agus ná bac baramhail éinneach, siúd agus gur rí nó bacach é, mar tabharfar an bhreith orainn go léir ar ball. Is mithid de pháipéaraibh na hÉireann a gcuid gearáin do caith- eamh uatha. Cuirid siad teinneas cinn orm ag ochón
má abrann éinne focal as an slíghe 'nár dtaobh. D'á mbuailfá speach ar fhear fhearamhail do bhuailfeadh sé ar nais arís tú go teann. Ní áirighim go bhfuil an Bórach ag lógóireacht. Tá sé ag troid ámh, agus ní chuireann sé sium i suainseán na Sasanach, gidh go bhfuil na páipéir ag cúlchaint air go fonnamhar. D'á gcreidfidhe na páipéir ní raibh dul as ag Laoiseach Bóta an cor so, mar bhí seacht slóigh Sasanach ag déanadh air. Ní fhuil bun 'ná bárr ar an dtuairisg agus ní féidir éifeacht don bhaint as. Do bhuail Laoiseach sluagh aca súd agus do chuir sé beárna ionnta agus bhí grásgar 'na dhiaidh súd eatortha ar feadh seachtmhaine timcheall Ermelo ins an Transbhaal. Deirthear go raibh na mná ag cómhrac ann. Ní raibh puinn de bhárr an sgéil ag Seaghán. Tá a shluaighte comhgarach do na Bóraigh annsúd fós agus ní misde dhóibh aire thabhairt dóibh féin d'á mhéid aca tá ann. Is fíor go bhfuil na sean- mhná agus na leinbh mar ualach ar Laoiseach, agus gur deacair d'éan Bhórach amháin cómhrac le fiche fear, acht mar sin féin tá an laoch 'sa riocht sain le fada, agus tá sé ag déanadh go háluinn — ar a shon sain. Tá Delaré go gnóthach leis cois Iohanesburg agus ní sámh é suain na saighdiúirí. Is deas an gnó do Sheaghan é seo tar éis a chuid comhraic le bliadhain go leith. Ní fheacuighis oighre riamh ar leomhain go mbiadh sgata gadhar thimcheall air acht an gaisgidheach sain De Bhet. Tá na Sasanaigh ag amhastraigh ar a shálaibh agus má chasann aon cheann aca 'na threó stollann sé 'na riléitheachaibh iad. Do bhris sé isteach go Tír na Rinne gidh go raibh na Sasanaigh 'na mbuidhnibh troma ar gach conair roimis. Throideamar leis ar feadh cheithre lá adeir an tuairisg, acht do chuaidh sé dhíobh cosg do chur leis. Tá Citsiner ag De Aar agus Aodh Ruadh ag déanadh air, agus beidh fuil 'na sruthaibh aca, mar tá na mílte fear le Citsiner. Tá croidhe Sheagháin 'na bhéal le sgannradh roimh an bhfear so, agus do thabharfadh sé na milliúin púnt ar a cheann. Beidh an tsaoghal bréan meathta ag faire ortha súd ag comhrac feasda, an dream beag ag iarraidh an lae d'fhagháil ar an sluagh líonmhar. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services