Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Tá sí nuadh orainn anois cloisim. Édbhárd an
seacht is ainm dó. Sasanach maith is eadh é, adeir sé.
Thug sé an leabhar breac i bhFeis na dtighearnaí i
Lúnduin, an lá eile, gur iodhal-adhradh Aifreann Dé agus
nach bhfuil ins gCorp Naomhtha acht amháin gnearain. Tá
cuid de na páipéaraibh ag gleó 'na thaobh so, agus 'gá
rádh ná'r chóir do'n righ seo an leabhar breac sain do
thabhairt. Ní gábhadh dhóibh an fothram. Creideann
furmhór na Sasanach an rud céadna, agus bíodh ortha féin.
Ní cóir do'n Chatoilice méar do chur 'na súil mar
gheall air sin. Nách cuma dhuit cad' déarfaidh an fear
thall. Tugadh sé a mhóide, má's maith leis é, nách bhfuil
tusa an mbóthar gceart. Déan mar is cóir agus ná bac
baramhail éinneach, siúd agus gur rí nó bacach é, mar
tabharfar an bhreith orainn go léir ar ball. Is mithid
de pháipéaraibh na hÉireann a gcuid gearáin do caith-
eamh uatha. Cuirid siad teinneas cinn orm ag ochón


L. 786


má abrann éinne focal as an slíghe 'nár dtaobh. D'á
mbuailfá speach ar fhear fhearamhail do bhuailfeadh sé
ar nais arís tú go teann.



Ní áirighim go bhfuil an Bórach ag lógóireacht. Tá
sé ag troid ámh, agus ní chuireann sé sium i suainseán
na Sasanach, gidh go bhfuil na páipéir ag cúlchaint air
go fonnamhar. D'á gcreidfidhe na páipéir ní raibh dul
as ag Laoiseach Bóta an cor so, mar bhí seacht slóigh
Sasanach ag déanadh air. Ní fhuil bun 'ná bárr ar an
dtuairisg agus ní féidir éifeacht don bhaint as. Do bhuail
Laoiseach sluagh aca súd agus do chuir sé beárna ionnta agus
bhí grásgar 'na dhiaidh súd eatortha ar feadh seachtmhaine
timcheall Ermelo ins an Transbhaal. Deirthear go
raibh na mná ag cómhrac ann. Ní raibh puinn de bhárr an
sgéil ag Seaghán. Tá a shluaighte comhgarach do na
Bóraigh annsúd fós agus ní misde dhóibh aire thabhairt dóibh
féin d'á mhéid aca tá ann. Is fíor go bhfuil na sean-
mhná agus na leinbh mar ualach ar Laoiseach, agus gur deacair
d'éan Bhórach amháin cómhrac le fiche fear, acht mar sin
féin tá an laoch 'sa riocht sain le fada, agus tá sé ag
déanadh go háluinn — ar a shon sain. Tá Delaré go
gnóthach leis cois Iohanesburg agus ní sámh é suain na
saighdiúirí. Is deas an gnó do Sheaghan é seo tar éis
a chuid comhraic le bliadhain go leith.



Ní fheacuighis oighre riamh ar leomhain go mbiadh sgata
gadhar thimcheall air acht an gaisgidheach sain De Bhet.
Tá na Sasanaigh ag amhastraigh ar a shálaibh agus má chasann
aon cheann aca 'na threó stollann sé 'na riléitheachaibh
iad. Do bhris sé isteach go Tír na Rinne gidh go raibh
na Sasanaigh 'na mbuidhnibh troma ar gach conair roimis.
Throideamar leis ar feadh cheithre lá adeir an tuairisg,
acht do chuaidh sé dhíobh cosg do chur leis. Tá Citsiner
ag De Aar agus Aodh Ruadh ag déanadh air, agus beidh fuil
'na sruthaibh aca, mar tá na mílte fear le Citsiner.
Tá croidhe Sheagháin 'na bhéal le sgannradh roimh an
bhfear so, agus do thabharfadh sé na milliúin púnt ar a
cheann. Beidh an tsaoghal bréan meathta ag faire ortha
súd ag comhrac feasda, an dream beag ag iarraidh an
lae d'fhagháil ar an sluagh líonmhar.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services