Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Fearghus Finn-bhéil,
Pen Name
Feargus Finn-bhéil
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Éire Bhíos ag trácht seachtmhain ó sóin ar an gcóimhthionól daoine úd a bhí i mBaile Átha Cliath d'iarraidh cosg a chur leis an ólachán. Níor chaill fear an mheisnigh riamh é, agus ní fuláir no tá meisneach maith acu súd, agus a liacht atá 'na gcoinne. Níor bh'aon iongnadh pé ar domhan é da mbeadh na féisirí Gaedhealacha ar fad ag cabhrughadh leo. Pé bun a bhí acu leis ní raibh thar duine no beirt acu láithreach. Tá buidhean chosanta ag lucht tabhairne na hÉireann agus an oidhche cheudna thar oidhcheantaibh an domhain dhein- eadar fleadh agus féasta i dtigh ósda i mBaile Átha Cliath. Ní thógfadh éinne ortha ceárd a mbeatha do chosaint agus slighe réasúnta. Ach is greannmhar an rud é go raibh cúigear d'fhéisiribh Ghaedhealacha ag caitheamh na fleidhe sin, an oidhche cheudna go raibh easbuig agus sagairt i gcomhairle, d'iarraidh cosg éigin a chur le h-ólachán. B'ionann sain agus a rádh “támuíd annso gan spleádhachas díbh.” Do réir mar thuigim fhéin an sgéal is chuige deineadh féisirí dhíobh súd chum maitheas na hÉireann a chur chum cinn, agus ceart a bhaint de'n tSasanach. Dhéanfadh cosg an ólacháin an dá rud sain go díreach. Chuirfeadh sé bail agus beannachadh ar Éirinn, agus luigheadóch' sé na málaidhe airgid a gheibheann an Sasanach mar cháin uainn. Má thagann linn an méid sin a dhéanamh is d'aindeoin an chúigir úd é. Tá sain ionáirighthe againn. Is fad ó cailleadh an tAthair Maitiú, beannacht díleas Dé leis. Tá na seandaoine ag fagháil bháis, no bás- uighthe cheana féin, nár bhlais an deoch ó'n lá chualadar é, agus is fánach duine mar iad atá na ndiaidh, imeasg na gCatoiliceach go h-áirighthe. Ní mar sin dos na h-Albanaigh i gCúig Uladh é. Is 'mó duine acu a chífeá agus a ribín gorm ar chába a chasóige aige, agus is mórdhálach a bhíd siad as. “Ná déin nós agus na bhris nós” adeirthear. Ach má deintear droch-nós ní bhfuil aon chosg ar é bhriseadh, agus má bristear deagh-nós badh mhaith an rud é thabhairt thar n-ais. Tá fhios agam-sa ceanntar agus ní bhfuigheadh ógánach bean le pósadh annsa tsean aimsir dá dtéidh- eadh an teist amach air go n-óladh sé biotáille ná tobac. Is dócha go bhfoghlumuigheadh cuid acu gach ceard díobh tar éis phósta dhóibh, ach mar sin féin nós maith a b'eadh é. Is truagh gan an nós ceudna ar fuaid na hEireann indiu. Bíd lucht na Gaedhilge ghá mhaoidheamh, agus ní gan fáth é, gur'b iad féin an dream is deaghmheasta orta féin i nEirinn, agus is mó cion ár a dtír. Táim ghá cheapadh gur ortha luigheann an nós a chur i dtaobh na dighe. Tosnuigh- mís feasda a léightheoir, nuair thiocfaidh do chomharsa id fheuchaint is córtasach Gaedhealach an nós é biadh agus deoch a thairisgint do. Tabhair chuige cupán bainne, agus ná tairig biotáille ná lionn do. Má theangmhuigheann sé sa tsráid leat ná h-iarr air dul go tigh an óil. Má bheirir ann é ní chuirfir comaoin air, ná ort féin ná ar Eirinn, ach cuirfidh tú comaoin ar Sheaghán Buidhe. Fearghus Finn-bhéil
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services