Cúrsaidhe an tSaoghail
Éire
Bhíos ag trácht seachtmhain ó sóin ar an gcóimhthionól
daoine úd a bhí i mBaile Átha Cliath d'iarraidh cosg a
chur leis an ólachán. Níor chaill fear an mheisnigh riamh
é, agus ní fuláir no tá meisneach maith acu súd, agus a liacht
atá 'na gcoinne. Níor bh'aon iongnadh pé ar domhan é
da mbeadh na féisirí Gaedhealacha ar fad ag cabhrughadh
leo. Pé bun a bhí acu leis ní raibh thar duine no beirt
acu láithreach.
Tá buidhean chosanta ag lucht tabhairne na hÉireann
agus an oidhche cheudna thar oidhcheantaibh an domhain dhein-
eadar fleadh agus féasta i dtigh ósda i mBaile Átha Cliath.
Ní thógfadh éinne ortha ceárd a mbeatha do chosaint agus
slighe réasúnta. Ach is greannmhar an rud é go raibh
cúigear d'fhéisiribh Ghaedhealacha ag caitheamh na fleidhe
sin, an oidhche cheudna go raibh easbuig agus sagairt i
gcomhairle, d'iarraidh cosg éigin a chur le h-ólachán.
B'ionann sain agus a rádh “támuíd annso gan spleádhachas
díbh.” Do réir mar thuigim fhéin an sgéal is chuige
deineadh féisirí dhíobh súd chum maitheas na hÉireann
a chur chum cinn, agus ceart a bhaint de'n tSasanach.
Dhéanfadh cosg an ólacháin an dá rud sain go díreach.
Chuirfeadh sé bail agus beannachadh ar Éirinn, agus luigheadóch'
sé na málaidhe airgid a gheibheann an Sasanach mar cháin
uainn. Má thagann linn an méid sin a dhéanamh is
d'aindeoin an chúigir úd é. Tá sain ionáirighthe againn.
Is fad ó cailleadh an tAthair Maitiú, beannacht díleas
Dé leis. Tá na seandaoine ag fagháil bháis, no bás-
uighthe cheana féin, nár bhlais an deoch ó'n lá chualadar
é, agus is fánach duine mar iad atá na ndiaidh, imeasg na
gCatoiliceach go h-áirighthe. Ní mar sin dos na
h-Albanaigh i gCúig Uladh é. Is 'mó duine acu a
chífeá agus a ribín gorm ar chába a chasóige aige, agus is
mórdhálach a bhíd siad as.
“Ná déin nós agus na bhris nós” adeirthear. Ach má
deintear droch-nós ní bhfuil aon chosg ar é bhriseadh, agus
má bristear deagh-nós badh mhaith an rud é thabhairt thar
n-ais. Tá fhios agam-sa ceanntar agus ní bhfuigheadh
ógánach bean le pósadh annsa tsean aimsir dá dtéidh-
eadh an teist amach air go n-óladh sé biotáille ná tobac.
Is dócha go bhfoghlumuigheadh cuid acu gach ceard díobh
tar éis phósta dhóibh, ach mar sin féin nós maith a b'eadh
é. Is truagh gan an nós ceudna ar fuaid na hEireann
indiu.
Bíd lucht na Gaedhilge ghá mhaoidheamh, agus ní gan fáth é,
gur'b iad féin an dream is deaghmheasta orta féin i
nEirinn, agus is mó cion ár a dtír. Táim ghá cheapadh gur
ortha luigheann an nós a chur i dtaobh na dighe. Tosnuigh-
mís feasda a léightheoir, nuair thiocfaidh do chomharsa
id fheuchaint is córtasach Gaedhealach an nós é biadh agus
deoch a thairisgint do. Tabhair chuige cupán bainne, agus
ná tairig biotáille ná lionn do. Má theangmhuigheann
sé sa tsráid leat ná h-iarr air dul go tigh an óil.
Má bheirir ann é ní chuirfir comaoin air, ná ort féin
ná ar Eirinn, ach cuirfidh tú comaoin ar Sheaghán Buidhe.
Fearghus Finn-bhéil