Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Long 's an bád
Title
An Long 's an bád
Author(s)
Cnú Deireóil,
Pen Name
Cnú Deireóil
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Long 's an bád Tá go maith. Shíl mé coigthigheas ó shoin; nuair adubhairt “Fearghus” dá dtigeadh tonn báidhte thar Sasana nach mbéadh dul as uaithi ag Éirinn, shíl mé go raibh tuilleadh 's ar mhian leis ráidhte aige agus gur bh'í an chosamhlacht dona úd na luinge, 's an bháid a tháinig isteach ina aigneadh agus a mheall é. Chím anois gur dá ríribh bhí sé agus gur dóigh leis gur cosamhlacht fhoghanta thug sé ar an sgéal. Má 'seadh, deirim-se arís go bhfuil an sgéal tré n-a chéile ar fad aige. Sgaoilim thorm do chara fíor “Fios Fátha.” Ní dubhart-sa pioc i n-aghaidh comhairle Fhearghusa i dtaobh an airgid, nídh nach iongnadh. Dá mbéadh Seaghan faoi uisge agus sinne ar snámh, dá laighead ciall atá againn, ní dóigh liom go gceapfadh aon'ne againn go mbeimís ag cur [ar]{ár} gcuid airgid i dtreó Sheaghain, mar támaoid anois. Fágann sin an cheist mar bhí sí — má théigheann Seaghan go tóin, bhfuil sé i ndán dúinne nó 'na bhaoghal dúinn dul go tóin ina chuideachtain? Is breaghdha saoráideach an cheird í tairngireach nó fáidheadóireacht, acht b'fhearr liom féin fios fátha ná fáidh gan fios. Dálta Phiarais Mhic Gearailt, “níor ghéilleas riamh do ráitibh fileadh dáidh nó draoi.” Fios fátha na sgéil seo, is é atá ag teasdáil uaim agus ní'l uaim acht é. Cá bhfios d'Fheargus dá mbáithfidhe Seaghán nach bhféadfadh an Rós Geal Dubh sgaramhaint leis agus fanamhaint i n-uachtar? Má tá fáth aige faoi n-a rádh, nochtadh sé é. Muna bhfuil aige acht tuairim, tá tuairim láidir agam-sa 'na cheart-aghaidh sin. Ná bacaim leis an mBúrach agus ní móide go mbacfaidh sé linn. Cuiream i gcás, ar ndúiseacht dúinn as [ar]{ár} gcodladh ar maidin i mbárach, go bhfuil Sasana gan fagháil ar léarsgáil an domhain. An measann aon domhan-duine go bhfuigheadh muinntir na hÉireann bás don ocras nó don fhuacht? Má mheasann tugadh sé fios fátha dhúinn ar a mheas. 'Gan amhras ní féidir do Shasana imtheacht don tsaoghal ar an gcuma sin. B'fhéidir go bhfuigheadh cumhachta éigin eile an lámh uachtair uirri. Mar sin féin, ní dóigh liom go mbadh mhisde d'Éirinn de. Sin é mo thuairim-se go háirithe, agus an té nach bhfuil aige acht tuairim, ní luigheann sé ina bhéal a rádh “nach réidhtigheann an fhírinne” liom-sa. Ní gaisgidheach mise. Ní thig liom a rádh féin go rabhas am' ghaisgidheach i laethibh m'óige. Dá gcaithinn urchor le cruaich mhóna, do bhuailfinn í agus gan í bheith ró- fhada uaim. Níor chleacht Fearghus agus a chuid compánaigh sa bhFéinn acht seasamh agus dul ar aghaidh. Sin é díreach a dhéanfainn-se da mbeinn sa chás chéadna, gan aon námhaid im aghaidh. Ní rachadh fear inniste sgéil díobh beó uaim. Acht ní chuirim mo ghaisgeadh-sa i gcoimhneas le gaisgeadh Fearghusa, nach leigfeadh an náire dhó marcaigheacht a dhéanamh. Ní bhainfeadh sé na cosa dhíom-sa. Do bhainfeadh sé dhe féin iad, is docha. Má tá rith ag capall, tá rith ag duine. Tá Fearghus ro- dhian air féin agus a chur i dtuigsint dúínn, dá mbeadh faill teichidh aige, nach bhfuigheadh sé ann féin seasamh. Chím fear gan ainm dhá chasadh liom gur fear gan ainm mé. Sin dearmad. Mise. Cnú Deireóil
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services