Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Long 's an bád

Title
An Long 's an bád
Author(s)
Cnú Deireóil,
Pen Name
Cnú Deireóil
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Long 's an bád



Tá go maith. Shíl mé coigthigheas ó shoin; nuair
adubhairt “Fearghus” dá dtigeadh tonn báidhte thar
Sasana nach mbéadh dul as uaithi ag Éirinn, shíl mé go
raibh tuilleadh 's ar mhian leis ráidhte aige agus gur bh'í an
chosamhlacht dona úd na luinge, 's an bháid a tháinig
isteach ina aigneadh agus a mheall é. Chím anois gur dá
ríribh bhí sé agus gur dóigh leis gur cosamhlacht fhoghanta thug
sé ar an sgéal. Má 'seadh, deirim-se arís go bhfuil
an sgéal tré n-a chéile ar fad aige.



Sgaoilim thorm do chara fíor “Fios Fátha.” Ní
dubhart-sa pioc i n-aghaidh comhairle Fhearghusa i dtaobh
an airgid, nídh nach iongnadh. Dá mbéadh Seaghan
faoi uisge agus sinne ar snámh, dá laighead ciall atá
againn, ní dóigh liom go gceapfadh aon'ne againn
go mbeimís ag cur [ar]{ár} gcuid airgid i dtreó Sheaghain,
mar támaoid anois. Fágann sin an cheist mar bhí sí —
má théigheann Seaghan go tóin, bhfuil sé i ndán dúinne
nó 'na bhaoghal dúinn dul go tóin ina chuideachtain?



Is breaghdha saoráideach an cheird í tairngireach nó
fáidheadóireacht, acht b'fhearr liom féin fios fátha ná
fáidh gan fios. Dálta Phiarais Mhic Gearailt, “níor
ghéilleas riamh do ráitibh fileadh dáidh nó draoi.” Fios
fátha na sgéil seo, is é atá ag teasdáil uaim agus ní'l
uaim acht é. Cá bhfios d'Fheargus dá mbáithfidhe
Seaghán nach bhféadfadh an Rós Geal Dubh sgaramhaint
leis agus fanamhaint i n-uachtar? Má tá fáth aige faoi
n-a rádh, nochtadh sé é. Muna bhfuil aige acht tuairim,
tá tuairim láidir agam-sa 'na cheart-aghaidh sin.



Ná bacaim leis an mBúrach agus ní móide go mbacfaidh
sé linn. Cuiream i gcás, ar ndúiseacht dúinn as [ar]{ár}
gcodladh ar maidin i mbárach, go bhfuil Sasana gan
fagháil ar léarsgáil an domhain. An measann aon
domhan-duine go bhfuigheadh muinntir na hÉireann bás
don ocras nó don fhuacht? Má mheasann tugadh sé
fios fátha dhúinn ar a mheas.



'Gan amhras ní féidir do Shasana imtheacht don
tsaoghal ar an gcuma sin. B'fhéidir go bhfuigheadh
cumhachta éigin eile an lámh uachtair uirri. Mar sin
féin, ní dóigh liom go mbadh mhisde d'Éirinn de. Sin
é mo thuairim-se go háirithe, agus an té nach bhfuil aige
acht tuairim, ní luigheann sé ina bhéal a rádh “nach
réidhtigheann an fhírinne” liom-sa.



Ní gaisgidheach mise. Ní thig liom a rádh féin go
rabhas am' ghaisgidheach i laethibh m'óige. Dá gcaithinn
urchor le cruaich mhóna, do bhuailfinn í agus gan í bheith ró-
fhada uaim. Níor chleacht Fearghus agus a chuid compánaigh
sa bhFéinn acht seasamh agus dul ar aghaidh. Sin é díreach
a dhéanfainn-se da mbeinn sa chás chéadna, gan aon
námhaid im aghaidh. Ní rachadh fear inniste sgéil díobh
beó uaim. Acht ní chuirim mo ghaisgeadh-sa i gcoimhneas
le gaisgeadh Fearghusa, nach leigfeadh an náire dhó
marcaigheacht a dhéanamh. Ní bhainfeadh sé na cosa
dhíom-sa. Do bhainfeadh sé dhe féin iad, is docha. Má
tá rith ag capall, tá rith ag duine. Tá Fearghus ro-
dhian air féin agus a chur i dtuigsint dúínn, dá mbeadh
faill teichidh aige, nach bhfuigheadh sé ann féin seasamh.



Chím fear gan ainm dhá chasadh liom gur fear gan
ainm mé. Sin dearmad. Mise.



Cnú Deireóil

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services