Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Is cuma le fear na mbróg cá gcuireann sé a chos. Do cuireadh ar lár cheithre mhíle Sasanach ins an Aifric Theas ar feadh an mhí seo chuaidh tharainn, agus deir Seaghan go gcuirfidh sé trí fichid míle anonn chum Citsiner 'na nionad. Tabhair leat iad, adeir an Bórach go neamatach, ní fhuil aon eagla ormsa rómpa. Agus ní gábhadh do'n Bhórach mhiorbhúileach so aon fhaitchíos do bheith air roimh sgata eile spriosán. Tá taithighe aige ar bhreis agus a ndóithin cómhraic do thabhairt do fhiche fear le fada, agus deir sé leis féin nách mór is fiú beirt nó triúr eile de'n tsaghas chéadna. Mar sin féin deir na Sasanaigh gur daoine an-chalma iad féin agus má's eadh is gaisgidheach glan amach an Bórach. Bhí páipéir an tSathairnn seo ghabh thart ag moladh chródhacht na saighdiúirí ins an mbruighin sin ag Modder- fontein. Daingean is eadh an áit úd agus ní fhuil sé faid glaodh ó Citsiner féin. Dar leis na páipéaraibh do sgaipeadh na Bóraigh dó nó trí uairibh, acht ar chuma éigin thóg na Bóraigh leo gach aon aithid de na saighdiúiribh úd 'sa deireadh. D'á mbiadh póna nó
garaidhe gamhan ag na Bóraigh bheadh an chuid is mó d'arm mhór Shasana ar láimh aca fá'n am so. Ní chongbhuigheann Delaré iad abhfad mar nách bhfuil mórán bídh aige dhóibh. Buaileann sé speach fá bhun an earbhaill ortha d'éis a gcuid arm do thógaint uatha agus sgaoileann sé uaidh iad. Ní fhuil Citsiner díomhaoin. Tá súil aige go mbainfidh an ghorta an fuadar as na Bóracha. Chím gur ghoid sé ba agus capaill ar feadh na seachtmhaine agus gur dhóghid sé na tighthe ar a shlíghe. Má tá faobhar i radharc na mban annsúd le fearg agus na leinbh ag gárthaigh le hocras, is cuma linn. Ní bhéarfaidh éinne' leis siud, “cuir uait.” Lean leat, a Chitsiner, gheobhair dualgus maith má tá sé i ndán duit deireadh chur leis an gcogadh. Beimíd ag cur na dtáthán amach ag liúghraigh le háthas. Is mór le bainríoghain óg ná nDúiseach na Boraigh seo. Ba as a tír féin d'á sinnsear súd, an Tír fá Thuinn i Roinn na hEórpa, agus is í do chuir an long cogaidh an “Gelderland,” ag iarraidh Póil Crúghér nuair d'fhág an sean laoch an Transbhaal. Do phós an bhainríoghain seo an tseachtmhain do ghabh thart agus do b'áluinn na féiríní do fuair sí. Is dócha gur mhaith leis na cailínibh óga d'á n-innsinn dóibh cad é an saghas éadaigh do bhí uirthe féin agus ar a hóg-mhnáibh fiadhnuise. Do rachadh an méid sin díom. D'aithneochainn clóca cába, agus caidhp, do dian mhaith, acht i dtaobh na mbalcaisí eile sin go bhfuil fáithchimí agus earbaill agus sgiatháin ortha, fágaim le hudhacht nách tuigim iad acht chómh beag le gé. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services