Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Is cuma le fear na mbróg cá gcuireann sé a chos.
Do cuireadh ar lár cheithre mhíle Sasanach ins an Aifric
Theas ar feadh an mhí seo chuaidh tharainn, agus deir Seaghan
go gcuirfidh sé trí fichid míle anonn chum Citsiner
'na nionad. Tabhair leat iad, adeir an Bórach go
neamatach, ní fhuil aon eagla ormsa rómpa.



Agus ní gábhadh do'n Bhórach mhiorbhúileach so aon
fhaitchíos do bheith air roimh sgata eile spriosán. Tá
taithighe aige ar bhreis agus a ndóithin cómhraic do thabhairt
do fhiche fear le fada, agus deir sé leis féin nách mór is
fiú beirt nó triúr eile de'n tsaghas chéadna. Mar
sin féin deir na Sasanaigh gur daoine an-chalma iad
féin agus má's eadh is gaisgidheach glan amach an Bórach.
Bhí páipéir an tSathairnn seo ghabh thart ag moladh
chródhacht na saighdiúirí ins an mbruighin sin ag Modder-
fontein. Daingean is eadh an áit úd agus ní fhuil sé
faid glaodh ó Citsiner féin. Dar leis na páipéaraibh
do sgaipeadh na Bóraigh dó nó trí uairibh, acht ar chuma
éigin thóg na Bóraigh leo gach aon aithid de na
saighdiúiribh úd 'sa deireadh. D'á mbiadh póna nó


L. 770


garaidhe gamhan ag na Bóraigh bheadh an chuid is mó
d'arm mhór Shasana ar láimh aca fá'n am so. Ní
chongbhuigheann Delaré iad abhfad mar nách bhfuil mórán
bídh aige dhóibh. Buaileann sé speach fá bhun an earbhaill
ortha d'éis a gcuid arm do thógaint uatha agus sgaoileann
sé uaidh iad. Ní fhuil Citsiner díomhaoin. Tá súil aige
go mbainfidh an ghorta an fuadar as na Bóracha.
Chím gur ghoid sé ba agus capaill ar feadh na seachtmhaine
agus gur dhóghid sé na tighthe ar a shlíghe. Má tá faobhar
i radharc na mban annsúd le fearg agus na leinbh ag
gárthaigh le hocras, is cuma linn. Ní bhéarfaidh éinne'
leis siud, “cuir uait.” Lean leat, a Chitsiner,
gheobhair dualgus maith má tá sé i ndán duit deireadh
chur leis an gcogadh. Beimíd ag cur na dtáthán amach
ag liúghraigh le háthas.



Is mór le bainríoghain óg ná nDúiseach na Boraigh
seo. Ba as a tír féin d'á sinnsear súd, an Tír fá
Thuinn i Roinn na hEórpa, agus is í do chuir an long cogaidh
an “Gelderland,” ag iarraidh Póil Crúghér nuair
d'fhág an sean laoch an Transbhaal. Do phós an
bhainríoghain seo an tseachtmhain do ghabh thart agus do
b'áluinn na féiríní do fuair sí. Is dócha gur mhaith
leis na cailínibh óga d'á n-innsinn dóibh cad é an saghas
éadaigh do bhí uirthe féin agus ar a hóg-mhnáibh fiadhnuise.
Do rachadh an méid sin díom. D'aithneochainn clóca
cába, agus caidhp, do dian mhaith, acht i dtaobh na mbalcaisí
eile sin go bhfuil fáithchimí agus earbaill agus sgiatháin ortha,
fágaim le hudhacht nách tuigim iad acht chómh beag le
gé.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services