Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Feargus Finn-Bhéil,
Pen Name
Feargus Finn-Bhéil
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Éire “Ní measa Cáit ná Conchobhar.” Lá des na laetheantaibh dá dtugas cuairt ar ghleann- tán aoibhinn dob eol do'n Fhéinn, bhuail fear dom aithne liom. Bheannuigh sé dhom, agus bheannuigheamar féin dá chéile. “Dhe chogar so dhom a Fhearguis” ar seisean, “is fada ar an saoghal dhuit, agus is mór a shiubhlais, agus amás réidhteochair mo cheist dom.” Chuimnigheas ar thriúr cloinne na Bárd-sgolóige agus na ceisteanna a bhí ag goilleamhaint ortha. “Tá an cheist cheudna ar m'aigne le fada riamh” ar seisean, “agus teidheann des na h-ughdair is eolaighe sa dúthaigh seo í réidhteach dom. Cia acu is fearr le n'ól fuisgí no pórtar?” “Maise,” arsa mise, “níor ghábhadh dhuit an t-ualach a bheith ar do chroidhe chom fada sain da m'áil leat é fhiafraighe de Sheaghán Thaidhg Bhig an file.” “Aithnighim anois a Fhearguis go bhfuil fhios agat-sa é,” ar seisean, “agus ní fhágfair an áit seo ag reidhtighir mo cheist dom.” An síothchán thar an saoghal, adubhart liom fhéin. “Seadh” arsa mise “más mar sin é, cia acu is túisge a chuirfeadh ar meisge thu?” “Tuigim anois,” ar seisean, “an sgeul go léir. Faid saoghail chughat, agus má mhairimid leis cúiteo' mé leat é.” Trí milleoin déag airgid sa mbliadhain a thugamuid ar an ndigh i nÉirinn, idir bhiotáille agus lionn. Teidheann os cionn £5,000,000 de sin isteach i gciste Sheaghain, agus teidheann cuid mhaith dhe'n tar-is-barr anonn thar sáile ag ceannach arbhair. Chuirfeadh sé iongnadh shaoghalta ort dá gcloisfeá a mbíonn de bhiadh na gCríostaighthe ghá chur gan mhaith ag déanamh dighe. Suas le céad míle tonna d'eorna a loiteadh anuraidh i nEirinn leis an lionn dubh ar leithlig. Bhímís ag gearán bliadhain nó dhó ó shoin go raibh an iomarca cána ghá bhaint dínn ag Seaghan. Ní raibh sa ghearán sain ach magadh. Do stad gearán le tamall, agus is maith an nidh gur stad, mar is ag magadh fúinn féin a bhímís agus an saoghal ag magadh fúinn. Thuig an Sasanach go maith nách dáiríribh a bhíomar, agus is tarcuis- neach a labhradh sé linn. “Táim bodhar agaibh a rudaidhe suaracha ag gol 'sag éigheamh,” adeireadh sé. “Má tá an iomarca cána oraibh tá leigheas maith agaibh air, fanaidh ó'n mbiotáille.” Tá Connradh i nEirinn go dtugaid siad Connradh i n-aghaidh Ólthacháin air. Bhí tionól mór acu i mBaile Ath' Cliath an lá fé dheireadh. Bhíodar ann idir Phro- dostúin agus Chaitlioceach, idir chléireach is shagart ó Dhoire Columcille go Dún na mBád. Amás bhí na feisirí Gaedhealacha ar fad ann, adearfá. (Ní fheadar cad é an Ghaedhilg a chuirfidhe ar Nationalist M.P. muna b'é Feisire Gaedhealach é, agus is fíor Ghaedhealach cuid acu go deimhin). Ní mar a síltear a bhítear. Ní rabhadar annsúd. Ach tá an sgeul fada agus caithfead é chur ar cáirde. Feargus Finn-Bhéil
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services