Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Feargus Finn-Bhéil,
Pen Name
Feargus Finn-Bhéil
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Éire



“Ní measa Cáit ná Conchobhar.”



Lá des na laetheantaibh dá dtugas cuairt ar ghleann-
tán aoibhinn dob eol do'n Fhéinn, bhuail fear dom aithne
liom. Bheannuigh sé dhom, agus bheannuigheamar féin dá
chéile. “Dhe chogar so dhom a Fhearguis” ar seisean,
“is fada ar an saoghal dhuit, agus is mór a shiubhlais, agus
amás réidhteochair mo cheist dom.” Chuimnigheas ar
thriúr cloinne na Bárd-sgolóige agus na ceisteanna a bhí
ag goilleamhaint ortha. “Tá an cheist cheudna ar
m'aigne le fada riamh” ar seisean, “agus teidheann des
na h-ughdair is eolaighe sa dúthaigh seo í réidhteach dom.
Cia acu is fearr le n'ól fuisgí no pórtar?”



“Maise,” arsa mise, “níor ghábhadh dhuit an t-ualach
a bheith ar do chroidhe chom fada sain da m'áil leat é
fhiafraighe de Sheaghán Thaidhg Bhig an file.”



“Aithnighim anois a Fhearguis go bhfuil fhios agat-sa
é,” ar seisean, “agus ní fhágfair an áit seo ag reidhtighir
mo cheist dom.” An síothchán thar an saoghal, adubhart
liom fhéin. “Seadh” arsa mise “más mar sin é, cia
acu is túisge a chuirfeadh ar meisge thu?”



“Tuigim anois,” ar seisean, “an sgeul go léir.
Faid saoghail chughat, agus má mhairimid leis cúiteo' mé
leat é.”



Trí milleoin déag airgid sa mbliadhain a thugamuid
ar an ndigh i nÉirinn, idir bhiotáille agus lionn. Teidheann
os cionn £5,000,000 de sin isteach i gciste Sheaghain, agus
teidheann cuid mhaith dhe'n tar-is-barr anonn thar sáile
ag ceannach arbhair. Chuirfeadh sé iongnadh shaoghalta
ort dá gcloisfeá a mbíonn de bhiadh na gCríostaighthe
ghá chur gan mhaith ag déanamh dighe. Suas le céad
míle tonna d'eorna a loiteadh anuraidh i nEirinn leis
an lionn dubh ar leithlig.



Bhímís ag gearán bliadhain nó dhó ó shoin go raibh an
iomarca cána ghá bhaint dínn ag Seaghan. Ní raibh sa
ghearán sain ach magadh. Do stad gearán le tamall,
agus is maith an nidh gur stad, mar is ag magadh fúinn
féin a bhímís agus an saoghal ag magadh fúinn. Thuig an
Sasanach go maith nách dáiríribh a bhíomar, agus is tarcuis-
neach a labhradh sé linn. “Táim bodhar agaibh a rudaidhe
suaracha ag gol 'sag éigheamh,” adeireadh sé. “Má tá
an iomarca cána oraibh tá leigheas maith agaibh air,
fanaidh ó'n mbiotáille.”



Tá Connradh i nEirinn go dtugaid siad Connradh
i n-aghaidh Ólthacháin air. Bhí tionól mór acu i mBaile
Ath' Cliath an lá fé dheireadh. Bhíodar ann idir Phro-
dostúin agus Chaitlioceach, idir chléireach is shagart ó Dhoire
Columcille go Dún na mBád. Amás bhí na feisirí
Gaedhealacha ar fad ann, adearfá. (Ní fheadar cad é
an Ghaedhilg a chuirfidhe ar Nationalist M.P. muna b'é
Feisire Gaedhealach é, agus is fíor Ghaedhealach cuid acu
go deimhin). Ní mar a síltear a bhítear. Ní rabhadar
annsúd. Ach tá an sgeul fada agus caithfead é chur ar
cáirde.



Feargus Finn-Bhéil

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services