Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eibhlín a riún
Title
Eibhlín a riún
Author(s)
Ó hÓnáin, Tomás,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Eibhlín a riún Do shnámhfainn tre thonntaibh dhuit. A Eibhlín a riún; Do chuardó'inn tre chuantaibh duit, A Eibhlín a riún; An domhan mór do shiubhalfainn leat; Do riarfainn an duthaidh leat, A d'fhonn bheith i gcleamhnas leat, A Eibhlín a riún. D'ólfainn bó leat-sa féin, A Eibhlín a riún; Ní iarrfainn leat bó ná spré, A Eibhlín a riún; Do thiubharainn m'fhuil is m'allus duit; Do-ghéanainn gníomh is ealadha dhuit; Go díth mo shaoghail ní sgarfainn leat, A Eibhlín a riún; A dtiocfaidh tu nó an bhfanfaidh tú? A Eibhlín a riún; “Tiocfaidh mé 's ní fhanfaidh mé,” 'S é dubhairt sí liúm. Grádh lem' chroidhe 's lem' anam tú; Mo mhíle grádh lem' mharthain tú; Tre theinte 's síon do leanfainn tú, A Eibhlín a riún. Céad míle fáilte rómhat, A Eibhlín a riún. Dia id' choimeád ó bhrón, A Eibhlín a riún; A mhuirnín ghil is tú mo rogha, Thar mhaoin is mhnáibh is seóda an domhain, A phlúr na mban táim leat le fonn, A Eibhlín a riún. Tomás O hÓnáin Lear-pholl 28/1/1901 (Bíodh a thuarim féin ag gach éan-duine. Is fearr linne féin an sean-cheól, ar a shimplidheacht agus ar a oireamhnachas. Is geal leis an bhfiach dhubh a gearrcach féin, agus ó nach ró-dhubh linne gile do ghile-se, a Thomáis taimíd dá cur i gclódh dhuit.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services