Eibhlín a riún
Do shnámhfainn tre thonntaibh dhuit.
A Eibhlín a riún;
Do chuardó'inn tre chuantaibh duit,
A Eibhlín a riún;
An domhan mór do shiubhalfainn leat;
Do riarfainn an duthaidh leat,
A d'fhonn bheith i gcleamhnas leat,
A Eibhlín a riún.
D'ólfainn bó leat-sa féin,
A Eibhlín a riún;
Ní iarrfainn leat bó ná spré,
A Eibhlín a riún;
Do thiubharainn m'fhuil is m'allus duit;
Do-ghéanainn gníomh is ealadha dhuit;
Go díth mo shaoghail ní sgarfainn leat,
A Eibhlín a riún;
A dtiocfaidh tu nó an bhfanfaidh tú?
A Eibhlín a riún;
“Tiocfaidh mé 's ní fhanfaidh mé,”
'S é dubhairt sí liúm.
Grádh lem' chroidhe 's lem' anam tú;
Mo mhíle grádh lem' mharthain tú;
Tre theinte 's síon do leanfainn tú,
A Eibhlín a riún.
Céad míle fáilte rómhat,
A Eibhlín a riún.
Dia id' choimeád ó bhrón,
A Eibhlín a riún;
A mhuirnín ghil is tú mo rogha,
Thar mhaoin is mhnáibh is seóda an domhain,
A phlúr na mban táim leat le fonn,
A Eibhlín a riún.
Tomás O hÓnáin
Lear-pholl
28/1/1901
(Bíodh a thuarim féin ag gach éan-duine. Is fearr
linne féin an sean-cheól, ar a shimplidheacht agus ar a
oireamhnachas. Is geal leis an bhfiach dhubh a gearrcach
féin, agus ó nach ró-dhubh linne gile do ghile-se, a Thomáis
taimíd dá cur i gclódh dhuit.)