Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Conchobhar agus na ba
Title
Conchobhar agus na ba
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Conchobhar agus na ba. Bhí páircín beag ag Conchobhar Ó Deargáin le hais na habhann. Chuir sé seagal ann roinnt bliadhan ó shoin. B'éigin dó aire mhaith thabhairt dó, mar ní raibh na claidheacha ró-mhaith timcheall air. Thugadh sé turus ann gach éan-lá agus go minic dá uair san ló. Lá dá raibh sé ag dul fá dhéin an pháircín chonnaic sé ba Mhuinntir Shigheacháin istigh ann, agus iad ag tosnughadh ar dhioghbháil mhóir do dhéanamh. Rith sé chuca. Leig sé an madradh leó, agus thiomáin sé thar an claidhe amach arís iad. Bhí an donas ar fad ar an gclaidhe 'na dhiaidh sin. Thug sé iarracht ar dhul abhaile acht ní túisge d'iompuigh sé uatha 'ná mheasadar bualadh isteach arís. Chaith sé
suidhe ar an gclaidhe annsain agus fanamhaint 'na bhfeidhil ar feadh an lae; eisean ag faire orra-san agus iad-san ag faire air-sean. Bhuail duine éigin an trebh i rith an lae. Chonnaic sé Conchobhar bocht. Chonnaic na ba. Chonnaic an díoghbháil do bhí déanta: — “Dia is Muire dhuit, a Chonchobhair,” ar seisean. “Dia is Muire dhuit is Pádraig,” arsa Conchobhar. “Cad tá dá dhéanamh annsain agat?” “Táim-se ag cúiteamh im' pheacaidhibh,” arsa Con- chobhar.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services