Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Conchobhar agus na ba

Title
Conchobhar agus na ba
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Conchobhar agus na ba.



Bhí páircín beag ag Conchobhar Ó Deargáin le hais
na habhann. Chuir sé seagal ann roinnt bliadhan ó
shoin. B'éigin dó aire mhaith thabhairt dó, mar ní raibh
na claidheacha ró-mhaith timcheall air. Thugadh sé turus
ann gach éan-lá agus go minic dá uair san ló. Lá dá
raibh sé ag dul fá dhéin an pháircín chonnaic sé ba
Mhuinntir Shigheacháin istigh ann, agus iad ag tosnughadh ar
dhioghbháil mhóir do dhéanamh. Rith sé chuca. Leig sé an
madradh leó, agus thiomáin sé thar an claidhe amach arís
iad. Bhí an donas ar fad ar an gclaidhe 'na dhiaidh sin.
Thug sé iarracht ar dhul abhaile acht ní túisge d'iompuigh
sé uatha 'ná mheasadar bualadh isteach arís. Chaith sé


L. 755


suidhe ar an gclaidhe annsain agus fanamhaint 'na bhfeidhil
ar feadh an lae; eisean ag faire orra-san agus iad-san
ag faire air-sean. Bhuail duine éigin an trebh i rith
an lae. Chonnaic sé Conchobhar bocht. Chonnaic na ba.
Chonnaic an díoghbháil do bhí déanta: —



“Dia is Muire dhuit, a Chonchobhair,” ar seisean.
“Dia is Muire dhuit is Pádraig,” arsa Conchobhar.
“Cad tá dá dhéanamh annsain agat?”
“Táim-se ag cúiteamh im' pheacaidhibh,” arsa Con-
chobhar.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services