Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Duine a' gol agus duine a' gáire. Sin mar tá an saoghal. Tá súil agam gurab é an gháire agus nách é an gol is mó atá againn-ne i nÉirinn mar is í seo aimsir na hInide, agus is gnáthach le cóisir bheith i ngach ceanntar an t-am so bhliadhain. Is mór an truagh trácht thar chogadh agus do b'fheárr liom féin trácht thar chóisir, acht cad é mo leigheas air, tá sé riachtanach ormsa mo mháilín sgéal do thabhairt liom tar sáile, agus gidh go bhfuil daoine ag pósadh annsúd ní chloisimíd pioc 'na dtaobh mar is é an cogadh atá i mbéal gach tuarasgóir páipéir. Níor bh'aon mhaitheas do Sheaghán bheith ag áiteamh orainn go raibh an cogadh críochnuighthe tá rátha ó shoin, níor chrei- deamar é agus níor chreid sé féin é acht chómh beag.
Cloisim go bhfuil sé ar tí ceithre fichid milliún púnt eile do bhailiughadh i gcomhair an chogaidh seo, agus d'á theanna atá sparán na Sasanach cuirfidh an méid sin poll ann. Caithfirse agus mise ár gcuid de siúd do dhíol pé olc maith linn é. Tá na Bóraigh úd theas i dTír na Rinne agus ní bhfuil sé i gcumas na Sasanach cor do bhaint asda. Deirthear go bhfuil siad ag feitheamh le De Bhet atá ag gabháil i dtuaidh chúca, acht thug Citsiner na mionna na leigfeadh sé do'n laoch sin teacht go dtí iad. Mar sin féin chuir Citsiner sgéala uaidh go raibh bruighean aige le De Bhet ins an Saor Stát agus ní innseann sé a thuilleadh dhúinn. Bhris Aodh Ruadh thríotha go háirighthe agus is dócha gur chuir sé an rith ar na Sasanaigh bhochta mar ba gnáthach. Ceapaim go mbeidh brúthas aca i dTíre na Rinne láithreach, agus nách fiú dhúinn caint ar ghrásgar do bhí aca ar feadh na seachtmhaine seo. Is cosmhail le broic i bpluais cnoic na Sasanaigh annsúd. Tá daingin agus puill 'sa talamh déanta aca cois an bhóthair iarrainn agus tá faitchíos ortha corruighe asda le heagla go dtiocfadh na Bóraigh ortha. Tá na Sasanaigh ag cur meisnigh ar a chéile go ndéanfaidh Citsiner beart mhaith éigin ar ball, agus táid siad ag seóladh fear chuige chómh tiugh agus is féidir, acht d'á mhéid a shluagh ní fhuil sé ag dul chum cinn. Is dócha nach, feacathas riamh leithéid an Bhóraigh seo, tá aithis shaoghalta tabhartha aige do dhá chéad míle go leith saighdiúir. Ní mar a chéile é féin agus an Síneach. Tá ceithre chéad milliúin aca sain ann agus ní féidir dóibh na hEórpaigh do dhíbirt as a dtír. Is maith an rud é sin, adéarfaidh duine éigin, mar tá na hEórpaigh ag leathadh an chreidimh Chríostaighe annsúd. Go bhfóiridh Dia ort, is beag an baint atá ag Cumhachtaí na hEórpa le creideamh. Maoin na Síneach atá uatha, agus muna mbiadh a gcuid biothamhantais agus sainte bhiadh an creideamh 'gá leathadh annsúd gan congnamh gunnaí móra. Conán Maol.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services