Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Duine a' gol agus duine a' gáire. Sin mar tá an saoghal.
Tá súil agam gurab é an gháire agus nách é an gol is mó
atá againn-ne i nÉirinn mar is í seo aimsir na hInide,
agus is gnáthach le cóisir bheith i ngach ceanntar an t-am so
bhliadhain. Is mór an truagh trácht thar chogadh agus do
b'fheárr liom féin trácht thar chóisir, acht cad é mo
leigheas air, tá sé riachtanach ormsa mo mháilín sgéal
do thabhairt liom tar sáile, agus gidh go bhfuil daoine ag
pósadh annsúd ní chloisimíd pioc 'na dtaobh mar is é an
cogadh atá i mbéal gach tuarasgóir páipéir. Níor
bh'aon mhaitheas do Sheaghán bheith ag áiteamh orainn go
raibh an cogadh críochnuighthe tá rátha ó shoin, níor chrei-
deamar é agus níor chreid sé féin é acht chómh beag.


L. 754


Cloisim go bhfuil sé ar tí ceithre fichid milliún púnt
eile do bhailiughadh i gcomhair an chogaidh seo, agus d'á
theanna atá sparán na Sasanach cuirfidh an méid sin
poll ann. Caithfirse agus mise ár gcuid de siúd do dhíol
pé olc maith linn é.



Tá na Bóraigh úd theas i dTír na Rinne agus ní bhfuil sé
i gcumas na Sasanach cor do bhaint asda. Deirthear
go bhfuil siad ag feitheamh le De Bhet atá ag gabháil i
dtuaidh chúca, acht thug Citsiner na mionna na leigfeadh
sé do'n laoch sin teacht go dtí iad. Mar sin féin
chuir Citsiner sgéala uaidh go raibh bruighean aige le
De Bhet ins an Saor Stát agus ní innseann sé a thuilleadh
dhúinn. Bhris Aodh Ruadh thríotha go háirighthe agus is dócha
gur chuir sé an rith ar na Sasanaigh bhochta mar ba
gnáthach. Ceapaim go mbeidh brúthas aca i dTíre na
Rinne láithreach, agus nách fiú dhúinn caint ar ghrásgar do
bhí aca ar feadh na seachtmhaine seo.



Is cosmhail le broic i bpluais cnoic na Sasanaigh
annsúd. Tá daingin agus puill 'sa talamh déanta aca
cois an bhóthair iarrainn agus tá faitchíos ortha corruighe
asda le heagla go dtiocfadh na Bóraigh ortha. Tá na
Sasanaigh ag cur meisnigh ar a chéile go ndéanfaidh
Citsiner beart mhaith éigin ar ball, agus táid siad ag
seóladh fear chuige chómh tiugh agus is féidir, acht d'á mhéid
a shluagh ní fhuil sé ag dul chum cinn. Is dócha nach,
feacathas riamh leithéid an Bhóraigh seo, tá aithis shaoghalta
tabhartha aige do dhá chéad míle go leith saighdiúir. Ní
mar a chéile é féin agus an Síneach. Tá ceithre chéad
milliúin aca sain ann agus ní féidir dóibh na hEórpaigh do
dhíbirt as a dtír. Is maith an rud é sin, adéarfaidh
duine éigin, mar tá na hEórpaigh ag leathadh an chreidimh
Chríostaighe annsúd. Go bhfóiridh Dia ort, is beag an
baint atá ag Cumhachtaí na hEórpa le creideamh.
Maoin na Síneach atá uatha, agus muna mbiadh a gcuid
biothamhantais agus sainte bhiadh an creideamh 'gá leathadh
annsúd gan congnamh gunnaí móra.



Conán Maol.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services