Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Feargus Finn-Bhéil,
Pen Name
Feargus Finn-Bhéil
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Éire "Is milis 'á ól é, is searbh á dhíol é." Dubhart más olc, agus más dian olc é furmhór an uisge beatha atá ghá dhíol nach é fear an tábhairne fé ndeara sain. Bíonn an saghas maith leis aige, ach ní maith leis na daoine chúig phinginne an gloine thabhairt air, agus ní fhéadfaidhe é dhíol fé n-a bhun. Dá mbeadh gan braon biotáille bheith ghá dhéanamh fé luighe na gréine ní bhfuil aon amhras agam ná go mairfimís ghá éagmuis chomh maith 's mhaireann na daoine nár bhlais riamh é; ach na choinne sin ní déarfainn ná go bhfuil maitheas éigin i mbraon beag uisge beatha in' am féin, ach go mbeadh sé go maith. An costas atáim a chomhaireamh, agus ní h'é an mhaith ná an díoghbháil atá ann. Ní lugha ná is ar fhear an tábhairne atá an locht má tá an deoch daor. Ní chuireann sé fios ar aoinne chum teacht ag ól chuige. Más maith le sgata amadán dul isteach agus chúig sgillinge fichead a thabhairt ar luach sgillinge bíodh ortha féin. Ní hé gnó fir an tábhairne bheith ag múineadh céille dhóibh. Tá cuid mhór acu mar lucht tábhairne agus níor chás ortha ná h-ólfaidhe aon bhraon biotáille i nÉirinn go deó arís. Bíonn arraidhe eile na siopaidhibh acu seachus biotáille, agus dá mhéid arigid a caithear ar bhiotáille is eadh is lugha a caithtear ar na h-earraidhibh eile, ná bíonn sa dúthaigh i n-aon chor. Dubhart cheana go ndéanfadh cloch agus dhá dtrian d'eorna céad gloine de'n uisge beatha a gheibhmíd ar na trí pinginne an gloine. Is lugha ná sain de ghrán bhuidhe a dheánfadh an oiread céadna biotáille. Is greannmhar an rud é, adéarfá, go ndíolann fear na stile an méid sin ar sgilling, agus go gceannuigheann fear an tarta ar choróin is púnt é. Ach tá ciall ag fear na stile. Dá dtagadh tart air féin gheobhadh sé ceithre ghalún bláthaighe ar an sgilling sin. 'Neosaidh mé dhuit cionnus imthigheann an cúig fichead. Ceannuigheann fear stile an ghrán bhuidhe ar raol an chloch no mar sin. Deineann sé naoi ngalún de bhiot- táille as ceithre clocha déag de'n arbhar, agus is maith leis sgilling an galún d'fagháil air. Tagann ceannuidhe agus árduigheann sé cúpla céad soitheach leis. Acht caithtear síntiúis beag a thabhairt do'n choróin as an mbiotáille sul a bhfuighthear é bhlas. Raol nó tistiún eile is dócha. Ní h-eadh, ach trí déag agus naoi bpinginne as luach na sgillinge sin. Aon sgilling déag fé'n gcéad de'n neart, sin é an méid cána atá ag gach galún de'n bhiotáille. Bíonn sé láidir ag teacht amach as an stil; cúig fichead os cionn an chéad; sé sin go gcaithtear 11/- ag an ceathramhadh chuid de 11/- a dhíol mar cháin as gach aon ghalún de. 'Sé ceárd bheatha an cheannaidhe bheith ghá dhíol arís le lucht tábhairne agus aguisín a bheith aige féin as de bharr a dhuaidh. Cuireann fear annso agus fear annsúd fios ar shoitheach no ar dhá shoitheach. Bíonn annsan díoluigheacht do lucht luingeas no do lucht bóthar iarainn, agus díoluigheacht thall 's abhus. Bíonn luach na sgillinge daor nuair gheibheann fear an tábhairne é. Sé an chéad rud a dheineann sé sin uisge a chur sa bhiotáille no go mbíonn se tuairm is fiche fé bhun an chéad, sé sin go mbíonn céad gloine aige i n-aghaidh an ghalúin a tháinig isteach chuige. Deineann san 25/- ar leath raol an gloine. (Leanfar de.) Feargus Finn-Bhéil
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services