Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Feargus Finn-Bhéil,
Pen Name
Feargus Finn-Bhéil
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Éire



"Is milis 'á ól é, is searbh á dhíol é."



Dubhart más olc, agus más dian olc é furmhór an uisge
beatha atá ghá dhíol nach é fear an tábhairne fé ndeara
sain. Bíonn an saghas maith leis aige, ach ní maith leis
na daoine chúig phinginne an gloine thabhairt air, agus ní
fhéadfaidhe é dhíol fé n-a bhun. Dá mbeadh gan braon
biotáille bheith ghá dhéanamh fé luighe na gréine ní bhfuil
aon amhras agam ná go mairfimís ghá éagmuis chomh
maith 's mhaireann na daoine nár bhlais riamh é; ach na
choinne sin ní déarfainn ná go bhfuil maitheas éigin i
mbraon beag uisge beatha in' am féin, ach go mbeadh
sé go maith. An costas atáim a chomhaireamh, agus ní h'é
an mhaith ná an díoghbháil atá ann.



Ní lugha ná is ar fhear an tábhairne atá an locht má
tá an deoch daor. Ní chuireann sé fios ar aoinne chum
teacht ag ól chuige. Más maith le sgata amadán dul
isteach agus chúig sgillinge fichead a thabhairt ar luach
sgillinge bíodh ortha féin. Ní hé gnó fir an tábhairne
bheith ag múineadh céille dhóibh. Tá cuid mhór acu mar
lucht tábhairne agus níor chás ortha ná h-ólfaidhe aon bhraon
biotáille i nÉirinn go deó arís. Bíonn arraidhe eile
na siopaidhibh acu seachus biotáille, agus dá mhéid arigid
a caithear ar bhiotáille is eadh is lugha a caithtear ar
na h-earraidhibh eile, ná bíonn sa dúthaigh i n-aon chor.



Dubhart cheana go ndéanfadh cloch agus dhá dtrian
d'eorna céad gloine de'n uisge beatha a gheibhmíd ar
na trí pinginne an gloine. Is lugha ná sain de ghrán
bhuidhe a dheánfadh an oiread céadna biotáille. Is
greannmhar an rud é, adéarfá, go ndíolann fear na
stile an méid sin ar sgilling, agus go gceannuigheann
fear an tarta ar choróin is púnt é. Ach tá ciall ag
fear na stile. Dá dtagadh tart air féin gheobhadh sé
ceithre ghalún bláthaighe ar an sgilling sin. 'Neosaidh
mé dhuit cionnus imthigheann an cúig fichead.



Ceannuigheann fear stile an ghrán bhuidhe ar raol an
chloch no mar sin. Deineann sé naoi ngalún de bhiot-
táille as ceithre clocha déag de'n arbhar, agus is maith leis
sgilling an galún d'fagháil air. Tagann ceannuidhe agus
árduigheann sé cúpla céad soitheach leis. Acht caithtear
síntiúis beag a thabhairt do'n choróin as an mbiotáille
sul a bhfuighthear é bhlas. Raol nó tistiún eile is dócha.
Ní h-eadh, ach trí déag agus naoi bpinginne as luach na
sgillinge sin. Aon sgilling déag fé'n gcéad de'n
neart, sin é an méid cána atá ag gach galún de'n
bhiotáille. Bíonn sé láidir ag teacht amach as an stil;
cúig fichead os cionn an chéad; sé sin go gcaithtear
11/- ag an ceathramhadh chuid de 11/- a dhíol mar cháin as
gach aon ghalún de. 'Sé ceárd bheatha an cheannaidhe
bheith ghá dhíol arís le lucht tábhairne agus aguisín a bheith
aige féin as de bharr a dhuaidh. Cuireann fear annso
agus fear annsúd fios ar shoitheach no ar dhá shoitheach.
Bíonn annsan díoluigheacht do lucht luingeas no do
lucht bóthar iarainn, agus díoluigheacht thall 's abhus. Bíonn
luach na sgillinge daor nuair gheibheann fear an
tábhairne é. Sé an chéad rud a dheineann sé sin uisge
a chur sa bhiotáille no go mbíonn se tuairm is fiche fé
bhun an chéad, sé sin go mbíonn céad gloine aige i
n-aghaidh an ghalúin a tháinig isteach chuige. Deineann
san 25/- ar leath raol an gloine.



(Leanfar de.)



Feargus Finn-Bhéil

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services