Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Pósadh an Bhacaigh
Title
Pósadh an Bhacaigh
Author(s)
Buachaill na Tuaithe,
Pen Name
Buachaill na Tuaithe
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Pósadh an Bhacaigh Lá de sna laethibh seo gabh tharainn, bhuail fear agus bean de shliocht na mbacach isteach 'dtí Sagart Paróiste i mbaile mór. Chuir an sagart fáilte rómpa, mar mheas sé gur nídh éigin maith thug an tslíghe iad. D'fhreagair na bacaigh é in san chomhrádh déirceamhail atá ag bacaigh na hÉireann. “Ná fiafróchthá dhínn a Athair,” ar san fear, “cad thug sinn?” “Ó chuir tú an cheist sin chugam,” ar san sagart, “caidé thug annso sibh?” “Thángamar chugat-sa a Athair, chum sinn do phósadh,” ar san fear. “Agus ó's é an chéad phósadh agat san Inid seo agus san aois nuaidh, ná bí ró-dhaor orainn.” ar san bhean. “Ní bhéidh mé,” ar san sagart. “Ní éileó'idh mé acht dhá phunt.” “Ná déan, a Athair,” ar san fear, “agus gheabhaidh tú punt agus sin a bhfuil againn.” “Ní dhéanfhadh sé an gnó i n-éan-chor,” ar san sagart. “Is é dligheadh an pharóiste seo, dhá phunt; no tagadh sibh 'dtí an séipéal éan-lá de'n tseachtmhain seo chugainn, agus pósfar gan éan-rud sibh.” “Ní bhéadh éan-rath ar an bpósadh,” ar san bhean, “muna ndíolfaidhe as. Tabhair damhsa an punt, agus raghaidh mé ag soláthar puint eile.” Fuair sí an punt ó'n bhfear, agus ar gabháil amach dhi cad do chonnaic sí ar crochadh sa halla acht cóta mór an tsagairt. Bhuail sí chuici fá n-a clóca é, is trasna na sráide 'dtí an “pán” léi. “Seo” ar sise le fear an pháin, “tabhair dhá phunt dam air seo.” “Déanfad,” ar seisean, “agus trí puint má's maith leat é.” “Ní gábhadh dhuit sin,” ar sise. “Ní dam féin an t-airgead, agus mar an gcéadna, ní dóigh liom go bhfágfar i bhfad i ngeall agat leis é.” Thug sé an t-airgead, agus an ticéad di, is thar n-ais léi; agus chuir an dá phunt ar an gclár chum an tsagairt. Phós sé annsain iad, agus bhronn orra coróin de'n airgead agus a bheannacht. Ghabhadar a mbuidheachas leis. Nuair thángadar amach do'n chistin, bhí glór na duithche ag na cailíníbh. Nuair chonnairc an bhean an gáiridhe agus an bualadh bos, d'iompuigh isteach ar an dteinidh agus chuir spréidh ar a píopa. “Seo”, ar sise leis an gcailín ba mhó glór, “tabhair é seo do'n Athair Seaghán, agus fuair sé féin a luach,” is amach go bráth léi féin agus le n-a fear. “Cad thug sí dhuit?” ar san cócaire leis an gcailín chomh luath agus imthigheadar amach. “Sean-pháipéar,” ar sise, “agus tá sé chomh maith é chaitheamh san teinidh.”
“Ná déan,” ar san cócaire, “go mbeidh fhios agat cad tá ann.” Nuair d'osgail sí an páipéar cad do chonnairc sí acht ticéad an pháin. “Acht, donas diacrach air mar sgéal,” ar sise, “tá casóg an tsagairt sa phán.” “Ná labhair focal as do bhéal,” ar san cócaire, “acht beir chuige féin isteach é.” Do rin an cailín sin 'gá rádh: “Seo a Athair; thug an bhean nuadh-phósta é seo dhamh-sa le tabhairt duit.” D'osgail sé an páipéar, is nuair chonnairc sé cad do bhí ann: — “Á,” ar seisean, “tá an pósadh saor go leór anois aca; éirigh ag iarraidh mo chasóige, agus chomh cinnte is tá bianna ar bhata bhacaigh ní phósfar éinne eile sa tigh seo le mo shaoghal-sa arís.” Buachaill na Tuaithe
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services