Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Pósadh an Bhacaigh

Title
Pósadh an Bhacaigh
Author(s)
Buachaill na Tuaithe,
Pen Name
Buachaill na Tuaithe
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Pósadh an Bhacaigh



Lá de sna laethibh seo gabh tharainn, bhuail fear agus
bean de shliocht na mbacach isteach 'dtí Sagart Paróiste
i mbaile mór. Chuir an sagart fáilte rómpa, mar
mheas sé gur nídh éigin maith thug an tslíghe iad.
D'fhreagair na bacaigh é in san chomhrádh déirceamhail
atá ag bacaigh na hÉireann.



“Ná fiafróchthá dhínn a Athair,” ar san fear, “cad
thug sinn?”



“Ó chuir tú an cheist sin chugam,” ar san sagart,
“caidé thug annso sibh?”



“Thángamar chugat-sa a Athair, chum sinn do phósadh,”
ar san fear.



“Agus ó's é an chéad phósadh agat san Inid seo agus
san aois nuaidh, ná bí ró-dhaor orainn.” ar san bhean.



“Ní bhéidh mé,” ar san sagart. “Ní éileó'idh mé
acht dhá phunt.”



“Ná déan, a Athair,” ar san fear, “agus gheabhaidh tú
punt agus sin a bhfuil againn.”



“Ní dhéanfhadh sé an gnó i n-éan-chor,” ar san
sagart. “Is é dligheadh an pharóiste seo, dhá phunt;
no tagadh sibh 'dtí an séipéal éan-lá de'n tseachtmhain
seo chugainn, agus pósfar gan éan-rud sibh.”



“Ní bhéadh éan-rath ar an bpósadh,” ar san bhean,
“muna ndíolfaidhe as. Tabhair damhsa an punt, agus
raghaidh mé ag soláthar puint eile.”



Fuair sí an punt ó'n bhfear, agus ar gabháil amach dhi
cad do chonnaic sí ar crochadh sa halla acht cóta mór
an tsagairt. Bhuail sí chuici fá n-a clóca é, is trasna
na sráide 'dtí an “pán” léi.



“Seo” ar sise le fear an pháin, “tabhair dhá phunt
dam air seo.”



“Déanfad,” ar seisean, “agus trí puint má's maith
leat é.”



“Ní gábhadh dhuit sin,” ar sise. “Ní dam féin an
t-airgead, agus mar an gcéadna, ní dóigh liom go bhfágfar
i bhfad i ngeall agat leis é.”



Thug sé an t-airgead, agus an ticéad di, is thar n-ais
léi; agus chuir an dá phunt ar an gclár chum an tsagairt.
Phós sé annsain iad, agus bhronn orra coróin de'n airgead
agus a bheannacht. Ghabhadar a mbuidheachas leis.



Nuair thángadar amach do'n chistin, bhí glór na duithche
ag na cailíníbh. Nuair chonnairc an bhean an gáiridhe agus
an bualadh bos, d'iompuigh isteach ar an dteinidh agus chuir
spréidh ar a píopa.



“Seo”, ar sise leis an gcailín ba mhó glór, “tabhair
é seo do'n Athair Seaghán, agus fuair sé féin a luach,” is
amach go bráth léi féin agus le n-a fear.



“Cad thug sí dhuit?” ar san cócaire leis an gcailín
chomh luath agus imthigheadar amach.



“Sean-pháipéar,” ar sise, “agus tá sé chomh maith é
chaitheamh san teinidh.”


L. 741


“Ná déan,” ar san cócaire, “go mbeidh fhios agat
cad tá ann.”



Nuair d'osgail sí an páipéar cad do chonnairc sí
acht ticéad an pháin.



“Acht, donas diacrach air mar sgéal,” ar sise, “tá
casóg an tsagairt sa phán.”



“Ná labhair focal as do bhéal,” ar san cócaire,
“acht beir chuige féin isteach é.”



Do rin an cailín sin 'gá rádh: “Seo a Athair; thug
an bhean nuadh-phósta é seo dhamh-sa le tabhairt duit.”



D'osgail sé an páipéar, is nuair chonnairc sé cad
do bhí ann: —



“Á,” ar seisean, “tá an pósadh saor go leór anois
aca; éirigh ag iarraidh mo chasóige, agus chomh cinnte is
tá bianna ar bhata bhacaigh ní phósfar éinne eile sa tigh
seo le mo shaoghal-sa arís.”



Buachaill na Tuaithe

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services