Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Óráid Enrí Uí Mhuirgheasa ag Ath na Páircín
Title
Óráid Enrí Uí Mhuirgheasa ag Ath na Páircín
Author(s)
Ó Muirgheasa, Enrí,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Oráid Enrí Uí Mhuirgheasa ag Ath na Páircín. A uachdarain agus a dhaoine chóire, is mór an bród agus an lúthghair atá orm as bheith in bhúr measg annso indiu. Is fearr liom a bheith in bhúr gcuideachta ná a bheith i gcuideachta daoine uasal beadaidhe gan spéis 'na dtír no i dteanga a sinnsear. Is sibh na daoine uaisle dharíribh; is sibh cloinne na n-Gaedheal. Tá fuil gais- gidheach in bhúr gcuisleannaibh. Bhí Fionn Mac Cumhaill annso; bhí sé 'na chomhnuidhe ar an chnoc úd siar annsin, Fionnchairn. Bhí Oisín agus Conán Maol agus Goll Mac Mórna annso. Bhí righthe agus flatha i n-Eirinn an t-am úd; agus cá raibh fir níos fearr no gáisgidhigh níos tréine ar dhruim an domhain ariamh ná na sean daoine agus na fir mhóra bhí i n-Eirinn san am fad ó. Is sibh síol na bhfear dtreun so. Acht faraor geur, is lag, is iochtnach, agus is claoidhte tá clann na n-Gaedheal indiu. Acht glóir do Dhia chan fhuilmid marbh go leur go seadh. Tá teanga ár sinnsear againn go fóil. Is í an Ghaedhilg anam Eireann, agus chomh fada a's tá sí beo againn, tá spiorad Gaedhilge againn, tá inntinn agus smuaintí Gaedhilge againn, tá cadramh agus cáirdeas againn, tá carthannacht agus cráibhtheacht againn, tá uaisleacht againn; is Eireannaigh tá ionnainn. Acht dá leifeam do'n Ghaedhilg bhás do fhághail, is Gaill agus Sasanaigh bhéidheadh ionnainn. Agus caidé an seórt an Sasannach coitcheann? Is duine é ar nós an bheithigh nach gcuireann spéis i rud ar bith acht a bholg a líonadh agus rámás agus aoibhneas do fhágáil san t-saoghal so, agus gan suim is lugha aige i neimh ná i n-ifrionn. An maith libh bhúr g-cloinne d'éirigh mar sin? Och, is fiosach damh nár mhaith. Adeirim libh go bhfuil spiorad olc neamh-chráibhtheach ag teacht chuige an tír so ó Shacsana, agus is mór an chontabhairt do bhúr g-cloinnibh atá ann. Agus is í an Ghaedhilg an leigheas is feárr agus is láidir i n-aghaidh an galar so atá teacht chugainn. Is í teanga bhí ar phusaibh naomh san tír so le cúig chéad deug bhliadhain. Tá nead Gaedhilge 'san chómhur- sanacht go fóil. Budh chóir díbh buidheachas dó thabhairt
do Dhia ar a shon; budh chóir díbh meas mhór a bheith agaibh uirthi, agus í do labhairt le bhúr bpáisdibh óir is í an spré is mó atá agaibh do bhúr g-cloinnibh. Labhraidh í i gcómh- nuidhe; abraidh bhúr n-uirnighthe innti; labhraidh í san tigh agus ag an teinnteinn; go h-áirighthe labhraidh í le bhúr bpáis- dibh. Agus nuair atá sibh agá-dheunamh so bí cinnte go ngeóbhaidh sibh beannacht neimhe ar a shon.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services