Oráid Enrí Uí Mhuirgheasa ag
Ath na Páircín.
A uachdarain agus a dhaoine chóire, is mór an bród agus an
lúthghair atá orm as bheith in bhúr measg annso indiu.
Is fearr liom a bheith in bhúr gcuideachta ná a bheith i
gcuideachta daoine uasal beadaidhe gan spéis 'na dtír
no i dteanga a sinnsear. Is sibh na daoine uaisle
dharíribh; is sibh cloinne na n-Gaedheal. Tá fuil gais-
gidheach in bhúr gcuisleannaibh. Bhí Fionn Mac Cumhaill
annso; bhí sé 'na chomhnuidhe ar an chnoc úd siar annsin,
Fionnchairn. Bhí Oisín agus Conán Maol agus Goll Mac
Mórna annso. Bhí righthe agus flatha i n-Eirinn an t-am
úd; agus cá raibh fir níos fearr no gáisgidhigh níos tréine
ar dhruim an domhain ariamh ná na sean daoine agus na
fir mhóra bhí i n-Eirinn san am fad ó. Is sibh síol na
bhfear dtreun so. Acht faraor geur, is lag, is iochtnach,
agus is claoidhte tá clann na n-Gaedheal indiu. Acht glóir
do Dhia chan fhuilmid marbh go leur go seadh. Tá
teanga ár sinnsear againn go fóil. Is í an Ghaedhilg
anam Eireann, agus chomh fada a's tá sí beo againn, tá
spiorad Gaedhilge againn, tá inntinn agus smuaintí
Gaedhilge againn, tá cadramh agus cáirdeas againn, tá
carthannacht agus cráibhtheacht againn, tá uaisleacht againn;
is Eireannaigh tá ionnainn. Acht dá leifeam do'n
Ghaedhilg bhás do fhághail, is Gaill agus Sasanaigh bhéidheadh
ionnainn. Agus caidé an seórt an Sasannach
coitcheann? Is duine é ar nós an bheithigh nach
gcuireann spéis i rud ar bith acht a bholg a líonadh
agus rámás agus aoibhneas do fhágáil san t-saoghal so,
agus gan suim is lugha aige i neimh ná i n-ifrionn.
An maith libh bhúr g-cloinne d'éirigh mar sin? Och, is
fiosach damh nár mhaith. Adeirim libh go bhfuil spiorad
olc neamh-chráibhtheach ag teacht chuige an tír so ó
Shacsana, agus is mór an chontabhairt do bhúr g-cloinnibh
atá ann. Agus is í an Ghaedhilg an leigheas is feárr
agus is láidir i n-aghaidh an galar so atá teacht chugainn.
Is í teanga bhí ar phusaibh naomh san tír so le cúig
chéad deug bhliadhain. Tá nead Gaedhilge 'san chómhur-
sanacht go fóil. Budh chóir díbh buidheachas dó thabhairt
do Dhia ar a shon; budh chóir díbh meas mhór a bheith agaibh
uirthi, agus í do labhairt le bhúr bpáisdibh óir is í an spré
is mó atá agaibh do bhúr g-cloinnibh. Labhraidh í i gcómh-
nuidhe; abraidh bhúr n-uirnighthe innti; labhraidh í san tigh agus
ag an teinnteinn; go h-áirighthe labhraidh í le bhúr bpáis-
dibh. Agus nuair atá sibh agá-dheunamh so bí cinnte
go ngeóbhaidh sibh beannacht neimhe ar a shon.