Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Fuaireas sgéala ó Shasana an lá eile gur cailleadh Cáit ní Bhiorn. Bean nígheacháin do b'eadh Cáit. Tógadh go maith í, ba bhean bhéasach, chreideamhnach í agus bhí teanga líomhtha Ghaedhealach aici do sháireóchadh an tAthair Peadar. D'imthigh tionósg éigin ar a fear, ní fhuil fhios agam cad do b'é a thrúidh báis, acht d'fhág sé muirear mhór cloinne ar Cháit, agus is maith an tabhairt suas do thug sí ortha. Ní bheidh easba ortha, adeireadh sí, faid do bheidh luadháil am' chuisleannaibh, agus do thuill sí tuar- asdal le sguabachán agus nigheachán. Bean árdaigeantach do b'eadh í agus níor iarr sé pioc ar éinne i n-aisge. Go mba socair do bheidh a leabaidh chodlata thuas. Dála an bhealaigh uisge sin i Nicaragua go raibh eagla ar dhaoinibh go mbiadh iomarbháidh idir Shasana agus Americá 'na thaobh, chím go bhfuil an cheist réidhtigthe. Thug Seaghán cead dóibh a mbealach uisge do bhaint gibé cuma gur mhaith leó é agus daingin do dhéanadh ann d'á mb'áil leo. Ní fhuil aon fhonn chum cogaidh ar an bhfear sain indiu agus ní déarfadh sé le héinne' “Dún do bhéal.” Is éachtach an fear an Bórach gránna sain chum an teas- baigh do bhaint do dhuine. Is beag lá 'ná go dtógann sé fághaltas lóin ó Sheaghaán bhocht, luach na gcéadta púnt do bhiadh agus éadach. Tá cnámha na saighdiúirí ag dul thríd an gcroiceann le hocras, agus an Bórach breágh 'gá bheathúghadh féin le n-a gcuid bídh. Féach cad deir tuairisg an tSatharnn seo ghabh thart. Bhí dream saigh- diúirí ag tabhairt aire do'n bhóthar iarrainn cois Chim- berlí. Tháinig na Bóraigh ortha agus chuireadar i gcoimeád iad, agus d'fhanadar féin i bhfolach gur ghabh na carbaid lóin an bhóthar aníos. Beidh goile folamh ag na saigh- diúirí bhí ag feitheamh leis an lón úd mar is leis an mBórach é. Chuireamar buidhean láidir ar a dtóir láithreach, adeir an sgéala, acht má tá ciall ag an mbuidhin sin ní rachaidh siad i bhfad ar aghaidh. Áirighim gur thógadar trí fichid fear timcheall deich míle ó'n
mball úd gan buille do bhualadh agus deir an páipéar gurab ait an sgéal é. Ní hait. Ní throidfidh na saighdiúirí anois muna bhfuil deichneabhar aca i gcoinnibh gach aon Bhóraigh, agus ní locht ar na fearaibh bochta é. Do labhras le mórán aca d'fhill ar nais ó'n gcogadh agus deir siad liom go gcuirfeadh cnagarnaigh ghunnaí geárra na mBórach sgannradh id' chroidhe. Ní bhiadh sé id' chumas teacht i ngaor dóibh gan snámh ar do bholg fá na ndéin, agus is é chuireann saghas meisnigh ar an saighdiúir a fhios do bheith aige nach bhfuil acht dream beag de na Bóraigh ag cómhrac leis. Ní fheacuighis iongnadh riamh nach raibh greim aca ar Chitsiner féin an tseachtmhain do ghabh thart. Ní fhuil tuairisg uaidh féin acht deir an sreang teinntreach gur bhris na Bóraigh an bhóthar iarrainn láimh le Middles- burg agus gur bhailigheadar timcheall ar Chitsiner agus a shluagh. Do chuaidh sé dhíobh breith air, dar leis an sgéala, acht ní deirim ná go ndeárnadar iarracht dhian. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services