Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Fuaireas sgéala ó Shasana an lá eile gur cailleadh
Cáit ní Bhiorn. Bean nígheacháin do b'eadh Cáit. Tógadh
go maith í, ba bhean bhéasach, chreideamhnach í agus bhí teanga
líomhtha Ghaedhealach aici do sháireóchadh an tAthair
Peadar. D'imthigh tionósg éigin ar a fear, ní fhuil fhios
agam cad do b'é a thrúidh báis, acht d'fhág sé muirear
mhór cloinne ar Cháit, agus is maith an tabhairt suas do
thug sí ortha. Ní bheidh easba ortha, adeireadh sí, faid
do bheidh luadháil am' chuisleannaibh, agus do thuill sí tuar-
asdal le sguabachán agus nigheachán. Bean árdaigeantach
do b'eadh í agus níor iarr sé pioc ar éinne i n-aisge.
Go mba socair do bheidh a leabaidh chodlata thuas.



Dála an bhealaigh uisge sin i Nicaragua go raibh eagla
ar dhaoinibh go mbiadh iomarbháidh idir Shasana agus Americá
'na thaobh, chím go bhfuil an cheist réidhtigthe. Thug
Seaghán cead dóibh a mbealach uisge do bhaint gibé
cuma gur mhaith leó é agus daingin do dhéanadh ann d'á
mb'áil leo. Ní fhuil aon fhonn chum cogaidh ar an bhfear
sain indiu agus ní déarfadh sé le héinne' “Dún do bhéal.”
Is éachtach an fear an Bórach gránna sain chum an teas-
baigh do bhaint do dhuine. Is beag lá 'ná go dtógann
sé fághaltas lóin ó Sheaghaán bhocht, luach na gcéadta
púnt do bhiadh agus éadach. Tá cnámha na saighdiúirí ag
dul thríd an gcroiceann le hocras, agus an Bórach breágh
'gá bheathúghadh féin le n-a gcuid bídh. Féach cad deir
tuairisg an tSatharnn seo ghabh thart. Bhí dream saigh-
diúirí ag tabhairt aire do'n bhóthar iarrainn cois Chim-
berlí. Tháinig na Bóraigh ortha agus chuireadar i gcoimeád
iad, agus d'fhanadar féin i bhfolach gur ghabh na carbaid
lóin an bhóthar aníos. Beidh goile folamh ag na saigh-
diúirí bhí ag feitheamh leis an lón úd mar is leis an
mBórach é. Chuireamar buidhean láidir ar a dtóir
láithreach, adeir an sgéala, acht má tá ciall ag an
mbuidhin sin ní rachaidh siad i bhfad ar aghaidh. Áirighim
gur thógadar trí fichid fear timcheall deich míle ó'n


L. 738


mball úd gan buille do bhualadh agus deir an páipéar
gurab ait an sgéal é. Ní hait. Ní throidfidh na
saighdiúirí anois muna bhfuil deichneabhar aca i gcoinnibh
gach aon Bhóraigh, agus ní locht ar na fearaibh bochta é. Do
labhras le mórán aca d'fhill ar nais ó'n gcogadh agus deir
siad liom go gcuirfeadh cnagarnaigh ghunnaí geárra na
mBórach sgannradh id' chroidhe. Ní bhiadh sé id' chumas
teacht i ngaor dóibh gan snámh ar do bholg fá na ndéin,
agus is é chuireann saghas meisnigh ar an saighdiúir a fhios
do bheith aige nach bhfuil acht dream beag de na Bóraigh
ag cómhrac leis.



Ní fheacuighis iongnadh riamh nach raibh greim aca ar
Chitsiner féin an tseachtmhain do ghabh thart. Ní fhuil
tuairisg uaidh féin acht deir an sreang teinntreach gur
bhris na Bóraigh an bhóthar iarrainn láimh le Middles-
burg agus gur bhailigheadar timcheall ar Chitsiner agus a shluagh.
Do chuaidh sé dhíobh breith air, dar leis an sgéala, acht
ní deirim ná go ndeárnadar iarracht dhian.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services