Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Long 's an Bád
Title
An Long 's an Bád
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Long 's an Bád Níor airigh tú ráfla riamh acht a raibh ar siubhal ag dream againn annso i mBaile Átha Cliath, ag trácht ar mar dubhairt Fearghus linn le déidheanaighe go bhfuil Éire ceangailte d'iorball Shasana, mar bháidín beag ag stiúir luinge, i riocht dá dtéigheadh an long go tóin, go súighfeadh sí an báidín síos na diaidh. Má's mar sin atá, arsa duine againn, caidé an mhaith é do Chonnradh na Gaedhilge bheith agá thafann agus agá shíor-thafann ar mhuinntir na hÉireann gur ceart dóibh bheith muinigheach neamh-spleádhach asta féin gan binn ar an domhan mór agus go mór-mhór ar mhuinntir Sheagháin Bhuidhe? Do lean an chonspóid ar an gcuma soin, agus dubhairt cuid againn go mbadh mhaith na díol ar fhear an sgéil sin é fein a bheith dlúth-cheangailte le hiorball Sheagháin agus an bheirt a bháthadh agus ní i mbéal na dtonn acht i bhfíor-íochtar an phuill mhúnlaigh. Ní raibh seanchas Fhearghusa léighte agam féin, acht ní túisge bhí mé sa bhaile an oidhche sin ná chuaidh mé ag tóraidheacht an “Chlaidhimh” agus léigh mé an t-alt úd ó thús go deireadh agus arís agus arís eile. Annsoin do thuig mé an sgéal. Bhí an ceart agus an mí-cheart ag Fearghus. B'í brígh na comhairle ba mhian leis a thabhairt dúinn, gur fánach an ghnó dhúinn bheith ag moladh na mBúrach agus ag síor-chur síos ar a gcuid gaisgidh, agus san am chéadna bheith ag beathughadh agus ag cothughadh na Sasanach leis an mbeagáinín airgid atá fós againn, i leabaidh bheith chomh neamhspleádhach díobh i dtaobh bídh agus éadaigh agus comhang- raisidhe beathadh agus támaoid i dtaobh an ruid is saoire i nÉirinn - sin gaoth. Ar a shon soin, badh cheart d'Fhearghus samhail ní badh oireamhnaighe do thabhairt orainn ná an báidín 's an long. Ní fhaghaim-se faic fírinne sa tsamhail sin. Ní hé dalta an bháidín ag Éirinn é i n-aonchor. Dá dtéigheadh an long faoi uisge, badh ghearr an mhoill ar fhairinn an bháid an téad do ghearradh, agus má tá féin go mbíonn siad ag brath ar an luing san am atá i láthair i dtaobh móráin neithe badh chirte dhóibh a sholáthar dóibh féin, ní túisge sgarfaidhe leis na luing iad ná chaith- fidís aire thabhairt dá gcúrsa féin. Tá an sgéal tréna chéile ag Fearghus. Dá súighfidhe síos sinn, ní fhéadfadh an Gearmánach an lámhainne iarainn úd do leaghadh orainn, ná níor bh'fhéidir dhúinne fáilte chur roimhe ná bheith ag iarraidh déirce air. Ní'l aon amhras agam nach bhfuil an Gearmánach gach uile orlach chomh olc le Seaghán Bhuidhe. Is fíor a ndubhairt Fearghus, dá mbeith saoirse againn i mbárach, bheimís mar bhád gan foisinn ag imtheacht le fánaidh go mbéaradh long éigin eile orainn. Dá mbéadh orainn an tír do chosnamh agus dá mbéadh gléas cosanta againn mar nach bhfuil, an bhfuil fear i n-aghaidh an deichneabhair, ní headh acht fear i n-aghaidh an chéid againn, do bhéadh i n-ann urchar díreach a chaitheamh ná marcaigheacht do dhéanamh? An céad mhór-chumhacht do chuirfeadh deich míle fear i dtír, bhí Éire ar fad aige i n-aisgidh, ó Chloich an Stucáin go Béal Béarra. Is minic sinn ag casaoid fá bheith gan cead arm teineadh d'iomchar, acht is é mo bharamhail- se dhe, nuair thiocfas lá na bruighne, gur mó ghoillfeas orainn beith gan taithighe ar mharcaigheacht ná bheith gan taithighe arm cosanta. Agus is mó ná sin ar fad a ghoillfeas orainn gan bheith páirteach caidreamhach le chéile agus gan smacht na teangadh bheith againn. Is beag an spéis a chuir an Búrach bríoghmhar riamh i ngaothair- eacht, i n-achrann, ná i mbaint na sligheadh dá chéile.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services