Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Long 's an Bád

Title
An Long 's an Bád
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Long 's an Bád



Níor airigh tú ráfla riamh acht a raibh ar siubhal ag
dream againn annso i mBaile Átha Cliath, ag trácht ar
mar dubhairt Fearghus linn le déidheanaighe go bhfuil
Éire ceangailte d'iorball Shasana, mar bháidín beag
ag stiúir luinge, i riocht dá dtéigheadh an long go tóin,
go súighfeadh sí an báidín síos na diaidh. Má's mar sin
atá, arsa duine againn, caidé an mhaith é do Chonnradh
na Gaedhilge bheith agá thafann agus agá shíor-thafann ar
mhuinntir na hÉireann gur ceart dóibh bheith muinigheach
neamh-spleádhach asta féin gan binn ar an domhan mór
agus go mór-mhór ar mhuinntir Sheagháin Bhuidhe? Do lean
an chonspóid ar an gcuma soin, agus dubhairt cuid againn
go mbadh mhaith na díol ar fhear an sgéil sin é fein a
bheith dlúth-cheangailte le hiorball Sheagháin agus an bheirt
a bháthadh agus ní i mbéal na dtonn acht i bhfíor-íochtar an
phuill mhúnlaigh.



Ní raibh seanchas Fhearghusa léighte agam féin, acht
ní túisge bhí mé sa bhaile an oidhche sin ná chuaidh mé ag
tóraidheacht an “Chlaidhimh” agus léigh mé an t-alt úd ó
thús go deireadh agus arís agus arís eile. Annsoin do thuig
mé an sgéal. Bhí an ceart agus an mí-cheart ag Fearghus.
B'í brígh na comhairle ba mhian leis a thabhairt dúinn,
gur fánach an ghnó dhúinn bheith ag moladh na mBúrach agus
ag síor-chur síos ar a gcuid gaisgidh, agus san am chéadna
bheith ag beathughadh agus ag cothughadh na Sasanach leis an
mbeagáinín airgid atá fós againn, i leabaidh bheith chomh
neamhspleádhach díobh i dtaobh bídh agus éadaigh agus comhang-
raisidhe beathadh agus támaoid i dtaobh an ruid is saoire
i nÉirinn - sin gaoth.



Ar a shon soin, badh cheart d'Fhearghus samhail ní badh
oireamhnaighe do thabhairt orainn ná an báidín 's an
long. Ní fhaghaim-se faic fírinne sa tsamhail sin. Ní
hé dalta an bháidín ag Éirinn é i n-aonchor. Dá
dtéigheadh an long faoi uisge, badh ghearr an mhoill ar
fhairinn an bháid an téad do ghearradh, agus má tá féin go
mbíonn siad ag brath ar an luing san am atá i láthair
i dtaobh móráin neithe badh chirte dhóibh a sholáthar dóibh
féin, ní túisge sgarfaidhe leis na luing iad ná chaith-
fidís aire thabhairt dá gcúrsa féin.



Tá an sgéal tréna chéile ag Fearghus. Dá súighfidhe
síos sinn, ní fhéadfadh an Gearmánach an lámhainne
iarainn úd do leaghadh orainn, ná níor bh'fhéidir dhúinne
fáilte chur roimhe ná bheith ag iarraidh déirce air. Ní'l
aon amhras agam nach bhfuil an Gearmánach gach uile
orlach chomh olc le Seaghán Bhuidhe. Is fíor a ndubhairt
Fearghus, dá mbeith saoirse againn i mbárach, bheimís
mar bhád gan foisinn ag imtheacht le fánaidh go mbéaradh
long éigin eile orainn. Dá mbéadh orainn an tír do
chosnamh agus dá mbéadh gléas cosanta againn mar nach
bhfuil, an bhfuil fear i n-aghaidh an deichneabhair, ní headh
acht fear i n-aghaidh an chéid againn, do bhéadh i n-ann
urchar díreach a chaitheamh ná marcaigheacht do dhéanamh?
An céad mhór-chumhacht do chuirfeadh deich míle fear i
dtír, bhí Éire ar fad aige i n-aisgidh, ó Chloich an Stucáin
go Béal Béarra. Is minic sinn ag casaoid fá bheith
gan cead arm teineadh d'iomchar, acht is é mo bharamhail-
se dhe, nuair thiocfas lá na bruighne, gur mó ghoillfeas
orainn beith gan taithighe ar mharcaigheacht ná bheith gan
taithighe arm cosanta. Agus is mó ná sin ar fad a
ghoillfeas orainn gan bheith páirteach caidreamhach le
chéile agus gan smacht na teangadh bheith againn. Is beag
an spéis a chuir an Búrach bríoghmhar riamh i ngaothair-
eacht, i n-achrann, ná i mbaint na sligheadh dá chéile.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services