Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Feargus Finn-bhéil
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Éire Deirtear go ndeineadh na Lochlannaigh, nuair bhíodar i nEirinn, beoir de bharra an fhraoigh. Is furas liom é chreideamhaint, mar tá a bheag no a mhór de bhiotáille is gach aon chraobh fhásann, agus is gach aon saghas bídh a theidheann i mbeul duine. “Deinidh siad fíonta de bharraíbh na gcraoibheacha” i dtíorthaibh eile, de shilíníbh agus de chaorthaibh, fiú amháin de'n síol féir agus de'n bhfeur féin. B'fhéidir gur mhaith le cuid ded' leightheoiribh a chlos cad é mar shaghas a bhíonn i dtigh an chúinne. Bíonn dhá saghas uisge-beatha ghá dhéanamh i nEirinn. Deintear aon saghas amháin de ghrán bhuidhe, cuid de, agus a thuilleadh dhe de rís, agus deintear saghas eile as eorna. 'Sé biotáille an ghrán bhuidhe is mó óltar, mar cúis dá adhbhar, 'sé is saoire agus is measa. Ní mór an cheárd atá ar uisge beatha dhéanamh. Fliuchtar an t-arbhar ar dtúis, agus fágtar na chárnán é go mbíonn sé ag bogadh agus ag easgar. Brúightear annsan é agus cuirtear isteach i gcoire mhór é i n-uisge theith. Clúduighthear an coire agus congbhuighthear an teas fé no go mbíonn gal bréan ag eirghe as an arbhar. An gal bréan sain an biotáille. Osgluighthear ann- san ceann na pípe a bhíonn ar bhárr an choire, agus ritheann ag gal amach tré'n bpíp. Ach ní fada fhanann sé na ghal nuair bheireann an fuacht air. Bíonn faid an lae amáraigh sa phíp sin, agus bíonn fiche cor ann fé uisge, i gcás nách gal a thagann amach as an gceann eile dhe, ach uisge bog. Cuirthear an t-uisge sin isteach uair no dhó i gcoire eile, agus baintear gal eile as, an t-uachdar mar déarfá, agus sin é déanta agat an t-uisge beatha. Bíonn nimh ins an uisge beatha go dtugaid siad fiúsel air. Bíonn súlach an ghrán bhuidhe tiugh leis. Deirthear gur ceart de'n uisge beatha is fearr a deintear bheith chuig bhliadhna ag aibiughadh i soitheach adhmaid sul a mbeadh sé oireamhnach ar é ól, ná an fiúsel súighte as. Ach mo chreach! Ní bhfuil teas na stile imthighthe fós an rud a gheibheann tú i dtigh an chúinne ar do leath raol. Ní bheadh sé de dhroch-mheas agam ar asal gloine dhe thabhairt le n-ól do. Dhiol fear na stile adhbhar cead gloine dhe ar sgilling, agus níor bh'fiú an méid sin féin é. Ach ní h-é fear an tabhairne a dheineann go h-olc é agus ní h-é chuireann an donas ar fad le daoire air. Fan go gcloisidh tú cá ngabhann do chuid airgid. (Leanfar de.) Feargus Finn-bhéil.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services