Cúrsaidhe an tSaoghail
Éire
Deirtear go ndeineadh na Lochlannaigh, nuair bhíodar
i nEirinn, beoir de bharra an fhraoigh. Is furas liom é
chreideamhaint, mar tá a bheag no a mhór de bhiotáille
is gach aon chraobh fhásann, agus is gach aon saghas bídh a
theidheann i mbeul duine. “Deinidh siad fíonta de
bharraíbh na gcraoibheacha” i dtíorthaibh eile, de shilíníbh
agus de chaorthaibh, fiú amháin de'n síol féir agus de'n bhfeur
féin. B'fhéidir gur mhaith le cuid ded' leightheoiribh a
chlos cad é mar shaghas a bhíonn i dtigh an chúinne.
Bíonn dhá saghas uisge-beatha ghá dhéanamh i nEirinn.
Deintear aon saghas amháin de ghrán bhuidhe, cuid de,
agus a thuilleadh dhe de rís, agus deintear saghas eile as
eorna. 'Sé biotáille an ghrán bhuidhe is mó óltar,
mar cúis dá adhbhar, 'sé is saoire agus is measa.
Ní mór an cheárd atá ar uisge beatha dhéanamh.
Fliuchtar an t-arbhar ar dtúis, agus fágtar na chárnán é
go mbíonn sé ag bogadh agus ag easgar. Brúightear
annsan é agus cuirtear isteach i gcoire mhór é i n-uisge
theith. Clúduighthear an coire agus congbhuighthear an teas
fé no go mbíonn gal bréan ag eirghe as an arbhar.
An gal bréan sain an biotáille. Osgluighthear ann-
san ceann na pípe a bhíonn ar bhárr an choire, agus ritheann
ag gal amach tré'n bpíp. Ach ní fada fhanann sé na
ghal nuair bheireann an fuacht air. Bíonn faid an lae
amáraigh sa phíp sin, agus bíonn fiche cor ann fé uisge,
i gcás nách gal a thagann amach as an gceann eile dhe,
ach uisge bog. Cuirthear an t-uisge sin isteach uair
no dhó i gcoire eile, agus baintear gal eile as, an
t-uachdar mar déarfá, agus sin é déanta agat an t-uisge
beatha.
Bíonn nimh ins an uisge beatha go dtugaid siad
fiúsel air. Bíonn súlach an ghrán bhuidhe tiugh leis.
Deirthear gur ceart de'n uisge beatha is fearr a
deintear bheith chuig bhliadhna ag aibiughadh i soitheach
adhmaid sul a mbeadh sé oireamhnach ar é ól, ná an
fiúsel súighte as. Ach mo chreach! Ní bhfuil teas na
stile imthighthe fós an rud a gheibheann tú i dtigh an
chúinne ar do leath raol. Ní bheadh sé de dhroch-mheas
agam ar asal gloine dhe thabhairt le n-ól do. Dhiol
fear na stile adhbhar cead gloine dhe ar sgilling, agus
níor bh'fiú an méid sin féin é.
Ach ní h-é fear an tabhairne a dheineann go h-olc é
agus ní h-é chuireann an donas ar fad le daoire air. Fan
go gcloisidh tú cá ngabhann do chuid airgid.
(Leanfar de.)
Feargus Finn-bhéil.